It is currently Sat 06 Jun 2026 3:21 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 18 posts ]  Go to page Previous  1, 2
Author Message
 Post subject: Re: Téarmaíocht Nua
PostPosted: Mon 19 Sep 2016 10:13 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Is mór an trua é sin. Meas tú an bhfuil lucht foghlamtha na Briotáinise cineál "ignorant", nó an bhfuil siad ag iarraidh an nasc idir an teanga agus "na seanfheirmeoirí" a bhriseadh?


Braitheann sé ar an duine, dar liom. Ach ghníonn na gníomhaithe propaganda ar son na "Briotáinise nua-aimseartha" mar a deireann siad, sin an Bhriotáinis bhréige atá ag an chuid is mó do na "cainteoirí úra". Deireann siad leis na foghlaimeoirí úra "ní gá Briotáinis na seandaoiní a fhoghlaim, ní thuigeann siad a chéile nuair a thig siad as 2 pharóiste éagsúla, is teangaidh bhocht í" srl srl, ionas nach mbeadh na foghlaimeoirí ag iarraidh an teangaidh dhúchasach a fhoghlaim, ach teangaidh na ngníomhaithe ina háit.
So creideann cuid do na foghlaimeoirí é sin.
Agus fiú amháin muna gcreideann siad sin, tá sé deacair an fhíortheangaidh a fhoghlaim siocair nach bhfuil chóir a bheith leabhar ar bith ann lena foghlaim, ní theagascann chóir a bheith múinteoir ar bith í... Caithfidh tú í a fhoghlaim ó na cainteoirí dúchais go díreach...

Quote:
Aithním fhéin gur í an Ghaeilge scoile atá agam, ach measaim go bhfuil an dearcadh atá ag daoine i dtaobh na Gaeilge i bhfad níos dearfaí ná a bhfuil i dtaobh na Briotáinise.


bhail, más Gaeilg scoile atá agad, is dóigh liom go dtuigfeadh cainteoirí dúchais thú. Chan fhacaidh mé focal ar bith, in do theachtaireacht, nach dtuigfeadh cainteoir dúchais :D

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Téarmaíocht Nua
PostPosted: Mon 19 Sep 2016 7:40 pm 
Offline

Joined: Wed 07 Sep 2016 10:13 pm
Posts: 25
Go raibh maith agat a Lughaidh.
Múinteoir Gaeilge as Gaoth Dobhair a bhí againn ar meanscoil, agus de bharr, ní bhíonn fadhb ar bith agam le Gaeilge Ulaidh. Chomh maith leis sin, rinne mé an Dioplóma sa nGaeilge sa gColláiste, le múinteoirí as Conamara. (Bhí múinteoirí an chúrsa sin i gcónaí ag rá gurb fhéidir focal Béarla a chur in abairt Ghaeilge, fhad is go gcuirfí an frása "mar a deirfeá" ar deireadh leis).

Cén saigheas Briotáinise atá i meáin na Briotáinise? An bhfuil an dá dhream in ann é a thuiscint?


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Téarmaíocht Nua
PostPosted: Mon 19 Sep 2016 9:03 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Cén saigheas Briotáinise atá i meáin na Briotáinise? An bhfuil an dá dhream in ann é a thuiscint?


Teilifís : droch-Bhriotáinise 100%, cha dtuigeann duine ar bith na cláracha, seachas na "cainteoirí úra".
Raidió : braitheann sé ar an chlár. Tá dheá chlár ann ar an raidió, go bhfios domh, ina bhfuil agallaimh cainteoirí dúchais, so tuigeann na cainteoirí dúchais na cláracha sin (ach ní thuigeann na "cainteoirí úra" iad). Cha dtuigeann siad na cláracha eile, siocair gur "cainteoirí úra" i gcónaí a chuireas iad i láthair, so úsáideann siad na céadta "focla úra" nach dtuigeann na cainteoirí dúchais. Gan trácht ar an fhuaimniú srl (tá'n Bhriotáinis sin iontach cosúil leis an "Urban Irish").

Le fírinne, taobh amuigh don 2 chlár raidió sin, ní dóigh liom go bhfuil rud ar bith ann (teilifís, raidió, nuaíochtáin, leabharthaí...) a bheadh sothuigthe do na cainteoirí dúchais.

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Téarmaíocht Nua
PostPosted: Mon 19 Sep 2016 11:51 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
A Lughaidh,
An bhfuil físeáin ina mbeadh cainnt dhúthchais le chloistint ar fagháil ar YouTube srl do lucht foghlama na Briotáinise?

_________________
(SL)(GM)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Téarmaíocht Nua
PostPosted: Tue 20 Sep 2016 12:28 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
http://www.skolvreizh.com/komzoubrezhonegmenu

Loads of recordings here with transcriptions:

https://brezhoneg-digor.blogspot.fr/

Here: not videos but recordings with transcriptions and translations:

http://banque.sonore.breton.free.fr/index_en.html

Tales and music here:

https://www.youtube.com/user/allevrig/videos

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Téarmaíocht Nua
PostPosted: Tue 20 Sep 2016 11:50 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
GRMA Táid fíor-shuimeamhail.
Is ana-shoiléar atá an difridheacht mhór idir Briotáinis na gcainnteoirí dúthchais agus Briotáinis na bhfoghlaimeoirí go bhfuil fuaimniughadh na Frainncise á úsáid acu.
Is aisteach ná beadh lucht foghlama na Briotáinise ag baint feidhm as suidhimh den tsaghas san.

_________________
(SL)(GM)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Téarmaíocht Nua
PostPosted: Wed 21 Sep 2016 12:24 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Is aisteach ná beadh lucht foghlama na Briotáinise ag baint feidhm as suidhimh den tsaghas san.


níl sé aisteach, tá siad cinnte gur acu féin atá an teangaidh cheart, agus nach bhfuil ag na cainnteóirí dúthchais ach Briotáinis thruaillighthe cham. Sin an propaganda a bíos ar siubhal ag na gníomhaidhthe go minic. Agus deirtear "is í an Bhriotáinis chaighdeánach teangaidh an todhachaidhe, caithfidh na canamhaintí bás a fhagháilt". Agus "sin Briotáinis na bhfeirmeóirí, ach ní feirmeóirí muidinne, so ní labhairfidh muid mar sin".
So cha n-éisteann na foghlaimeóirí le cainnteóirí dúthchais, cibé ar bith cha dtuigeann siad iad.

D'ubhart mé cheana féin: anseo sa Bhriotáin, tá na gníomhaidhthe teangtha is amaidighe sa domhan. Bhail tá a leithéidí sin i n-Éirinn fosta, ach tá níos lugha acu ann.

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Téarmaíocht Nua
PostPosted: Thu 06 Oct 2016 10:11 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sat 07 Feb 2015 11:24 am
Posts: 606
Location: Baile Mhic Ghoilla Eoin, VA
Lughaidh wrote:
make up weird words that no native speaker understands. So there are two parallel languages, the native one and the made-up one, spoken by people who are completely different (different places, different classes in society, etc). That also happens in Brittany, in Southern France, in Peru with Quechua, and probably with most minority languages... It's a pity.

B'fhéidir gur mise ceann de na daoine a bhfuil an locht orthu... is breá liom dul thart agus na nuafhocail a úsáid chun gáire a bhaint as na daoine eile... mar shampla dúirt mé le duine inniu "илтимос аз он дастгоҳи иттилоотӣ истифода баред ки дар пеши дастгоҳи ҳаворасонии дилпазир ҷой дорад" (úsáid an ríomhaire atá os comhair an AC) leis na focail "dastgohi ittilooti" (hand-place [machine] of that-which-has-been-informed [information]) in áit "kompyuter" agus "dastgohi havorasonii dilpazir" (hand-place [machine] of air-bringing that is heart-pleasing) in áit "kuler"
is maith liom na haghaidheanna daoine a fheiceáil ansin

Lughaidh wrote:
Agus deirtear "is í an Bhriotáinis chaighdeánach teangaidh an todhachaidhe, caithfidh na canamhaintí bás a fhagháilt". Agus "sin Briotáinis na bhfeirmeóirí, ach ní feirmeóirí muidinne, so ní labhairfidh muid mar sin".

8O chun an fhírinne a rá, taibhsítear go bhfuil na Francaigh go díreach mar a dúirt mo sheanathair!!!!

_________________
ЯГОН ТОҶИК НЕСТ ИНҶО???


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 18 posts ]  Go to page Previous  1, 2

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot], Majestic-12 [Bot] and 868 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group