Quote:
Is mór an trua é sin. Meas tú an bhfuil lucht foghlamtha na Briotáinise cineál "ignorant", nó an bhfuil siad ag iarraidh an nasc idir an teanga agus "na seanfheirmeoirí" a bhriseadh?
Braitheann sé ar an duine, dar liom. Ach ghníonn na gníomhaithe propaganda ar son na "Briotáinise nua-aimseartha" mar a deireann siad, sin an Bhriotáinis bhréige atá ag an chuid is mó do na "cainteoirí úra". Deireann siad leis na foghlaimeoirí úra "ní gá Briotáinis na seandaoiní a fhoghlaim, ní thuigeann siad a chéile nuair a thig siad as 2 pharóiste éagsúla, is teangaidh bhocht í" srl srl, ionas nach mbeadh na foghlaimeoirí ag iarraidh an teangaidh dhúchasach a fhoghlaim, ach teangaidh na ngníomhaithe ina háit.
So creideann cuid do na foghlaimeoirí é sin.
Agus fiú amháin muna gcreideann siad sin, tá sé deacair an fhíortheangaidh a fhoghlaim siocair nach bhfuil chóir a bheith leabhar ar bith ann lena foghlaim, ní theagascann chóir a bheith múinteoir ar bith í... Caithfidh tú í a fhoghlaim ó na cainteoirí dúchais go díreach...
Quote:
Aithním fhéin gur í an Ghaeilge scoile atá agam, ach measaim go bhfuil an dearcadh atá ag daoine i dtaobh na Gaeilge i bhfad níos dearfaí ná a bhfuil i dtaobh na Briotáinise.
bhail, más Gaeilg scoile atá agad, is dóigh liom go dtuigfeadh cainteoirí dúchais thú. Chan fhacaidh mé focal ar bith, in do theachtaireacht, nach dtuigfeadh cainteoir dúchais
