Áine Óir wrote:
Dia dhaoibh a chairde,
Táim i mbun abairt a aistriú, agus ní féidir liom teacht air ar chor ar bith.
An Béarla ná:
These two things complement each other
(táim ag labhairt faoi leaganacha caighdeánach agus neamhchaighdeánach sa tsochtheangeolaíocht).
Fuair mé 'comhlánaíonn' san EID, ach níl mé cinnte faoi conas an abairt a chur le chéile -
'Comhlanaíonn siad dá gcéile'?
Moltaí ag éinne?
Go raibh maith agaibh roimh ré!
These two things complement each other
I would say that in Irish like:
Gabhann an dá rud seo go maith le chéile.or
Gabhann an péire seo rudaí go maith le chéile....with the word 'rudaí' optional in this case...
Gabhann an péire seo go maith le chéile.