|
'Sea, anois, níl ' fhios agam cad a rá i dtaobh "an Gael me?" Má fheicim ar mo chraobh ghinealaigh, agus ar liosta mo shé sean-sin-seanaithreacha déag, ó Éirinn seacht díobh, ó Shasana seacht duine eile dhíobh, agus ón bhFionnlainn an bheirt eile. Ní Gael me, dar ndó', ó thárla aitheantas Sasanaigh a bheith agam, ach tá cuid mhaith fola Gaelaí ag rith tríom chuid féitheacha... Tá a lán Meiriceánach agus a dhéanfadh amach gur Éireannaigh iad féin, agus go bhfuilid siad chómh Gaelach le muíntir na hÉireann féin, mar gheall ar cheangal sínsearachta amháin, ach ní déarfadh aon tSasasach gur Éireannach é féin de bhárr sínsearachta -- níl an amadántaíocht san le fáil ach i Meirice, is dócha....
|