Quote:
Bhuel, tá muid ag iarraidh na feidhmeannaigh, ó mhí an Aibreáin, breathnú amach dúinn agus ba cheart dóibh, agus níl freagra faighte agam, níl freagra go fóill faighte agam céard a dhéanfaidh muid fiú amháin i gcás éigeandála, ar an oileán nuair nach bhfuil clúdach ann. Tádar an-mhall ag déanamh suas a n-intinn, céard é (atá) ceart
don oileán. Tá siad ag rá linn nach bhfuil an méid sin clúdaigh ag teastáil uainn. Tá siad ag smaoineamh ar cén chaoi a ritheann siad áiteanna istigh ar an mórthír. Ní ar an mórthír atá muid, tá muid in áit iargúlta amach sa bhfarraige, agus ba cheart go mbeadh córas ceart againn le breathnú amach don chuid seo den oileán.
What does breathnú amach dúinn mean? There is an English phrase "to look out for someone" -= to have their back - to look after them. It seems an odd phrase, maybe Béarlachas if it is used in Irish? Is that the meaning?