Is dócha go bhfuil cur amach agaibh cheana ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta:
http://www.cogg.ieAch i dtuarascáil a rinne sé do Nuacht TG4 inné, tháinig leagan eile as béal Ailbhe Ó Monacháin. Muna bhfuil dearmad orm, deir sé "An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge" (4 nóiméad, 40 soicind):
http://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid= ... G4&dlft=35Ansin rinne mé mo mhachnamh ar theideal na heagraíochta seo ó thaobh na gramadaí de. "An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta"? Fadhb ar bith. Ach toisc go bhfuil "Gaelscolaíocht" sa tuiseal gineadach, glacaim leis go bhfuil sé faoi réir "Oideachas" (?). Fágann sé sin "Oideachas Gaelscolaíochta" - a bhfuil cuma an athluaiteachais (tautology) air dar liom.
Mar sin, an síleann sibh go raibh ceartúchán i gceist ag an iriseoir? Agus go bhfuil locht gramadaí i dteideal an COGG?