Saoirse wrote:
"Foilsíodh an chéad nuachtán as Gaeilge in aon áit riamh, ní in Éirinn ach, i Meiriceá i 1881...." agus eolas eile.
https://ancroiait.wordpress.com/2015/08 ... -dhomanda/Is alt ana mhaith é, ach amháin an chuid seo dhe:
Quote:
Ach maireann an teanga. Ná bíodh muid ag rá gur Gaelic (rud a bhí ann i bhfad ó shin ó áit éigin) í mar sin Anglicization agus tá feall sa chóras sin.
Níl aon Bhéarlachas ins an téarma 'Gaelic', Gaelachas is ea é! Thóg na Sacsanaigh é ar iasacht ósna Gaelaibh (sinne 'gus na hAlbanaigh a bhí Gàidhlig aca); agus mar aon le gach comharsa bhéil dhorais eile is fada bhuatha an lá é sara dtabhrfaid é thar n-ais dúinn

.
Quote:
Irish atá ar an dteanga sa Bhéarla. Albain, tuig é seo le do thoil. Scottish agaibhse. Bhur dteanga. Bí chomh bródúil aisti agus atá sibh as bhur dtír. Neart le foghlaim againne uaibh maidir le saoirse a bhaint amach. Foghlaim uainn maidir leis an téarma is fearr don teanga.
Seo rud beag droch-bhéasach, ard-nósach 'gus mímhúinte. Gan amhras, do thugadh muintir na hAlban
Irish(e) ar an nGàidhlig fadó- óir gur thuigidíst go maith go raibh dlúth-cheangailt eat'rtha; ach mar sin fhéinig, nín aon cheart aige na hAlbanaigh a cháineadh- bhí ceithre theanga á spalpadh i nAlbain go dtí le gairid, .i. Béarla, Gàidhlig, Béarla na nAlbanach agus canúint Lochlannach. Mar sin, nín aon bhrí aig'n dtéarma 'Scottish' dóibh- nín a leithéid do theanga dhúchais na hAlban ann ('tha againne, ach rud poilitiúil is ea é sin). Pé sgéal é, dob' fheárr liomsa 'Gaelic' a thabhairt ar an dá theangain araon. Sílimse go gcruthaíonn téarmaí ar nós 'Scottish' agus 'Irish' teorannacha tíreolaíohcta falsa; feictear domhsa gur teanga amháin 'thá i gceist ionta, ach ar Dialectal continuum a mhaireann sí; Is Gaeil sinn go léir. Gan amhras, Déarfar gur teangacha éagsúla iad, agus thá'n ceart aca óir ná fuil an chomhthuisgint eaturtha gan amhras ... ach sarar tháinig TG4, an tOireachtas agus raidio na Gaeltachta ar an bhfód, is beag a thuig Muimheanach Ultach chón maith

agus nuair a bhuaileann Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh lena chéile - Gaoluinn bhreá bhinn Chiarraí aige Muireann ó dhúchas is Gàidhlig go flúirseach aige Julie- ní bhíonn aon deacracht ortha an duine eile a thuisgint.
Quote:
Anois an dúshlán: faigh réidh le Anglicizations agus labhair Gaeilge le bród gach áit. Is slabhra é an náire. Bris é agus bí saor.
Is maith an plean 'thá aige

, ní mór dhó tabhairt fésna
hAnglicisations 'thá fite fuaite ina chuid Gaoluinne fhéin, sara dtugann fé dhein dhaoine eile mar gheall ar na 'h
Anglicisations' 'thá aca. Is minic a bhí orm an abairt a bhí aige dh'aistriú go Béarla sara rabhas i n-ann é a thuisgint i gceart

. Ach, mar sin fhéin, ón méid adeir sé, seans gur Meiriceánach é agus mar sin thá Gaoluinn mhaith aige, go háirithe do dhuine nách mbíonn na deiseanna foghlamtha céanna aige is 'thá ag muintir Fhodhla.
Má thá suim ag aoinne insa Ghaoluinn i Meirica, is maith an ais é an t-alt ins an leabhar so:
Kenneth E. Nilsen, ‘The Irish Language in New York City 1850-1900',
in T. Meagher and R. Bayor (organised),
The New York Irish,
(Baltimore and London, 1995) 252- 74.
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)