Quote:
VB.Net a bhí i gceist agam, maith dhom mo chuid aineolais, a LD - tá mé i mo núíosach go fóill ag an gcraic seo.
Á, is feárr VB.NET ná VBA mar teanga. Níl an teanga féin ró-dheacair, ach an "object model" a bhaineann léi agus an ".NET framework".
Quote:
Bheinn féin ag streachailt agus mé ag caint faoi VB(A)(.Net) i dteanga ar bith, an Sacs-Bhéarla san áireamh! Ar ndóigh, is trí mheán an Bhéarla atá mé ag foghlaim VB.Net agus is féidir go mbeadh an téarmaiocht cheart ag baint leis an ábhar in easnamh orm i nGaeilge. D'fhéadfainn triail a bhaint as, áfach, más mian leat.
Bheimís ábalta a chaint as Gaelainn leis na téarmaíochtaí sa Bhéarla nó ins an Sacs-Bhéarla glan, is cuma liom

.
Quote:
Baineann an cúrsa le cúrsaí airgeadais, ceart go leor. Tá mé á dhéanamh agus mé ag súil le post a fháil le cuideachta árachais (nó a leithéid) sa réigiún.
Má tánn tú ag foghlaim VB.Net, bheadh sé furaist C# a dh'fhoghlaim, mar is é an rud is deacra an ".NET framework" (rud a bhaineann le VB.Net agus C# araon) fé mar a dúras thuas agus bíonn níos mó postanna le fáil do dhaoine go bhfuil VB.Net agus C# acu, ach beimíd ábalta é a phlé sna pms.
Quote:
Tá mé cinnte go bhfuil tú féin i bhfad Éireann níos eolaí ar an nGaeilge (nGaoluinn) ná mar atá mise ar na ríomhtheangacha thuasluaite. Bheadh malairt eadrainn éagothrom go maith agus níor cheapfainn gurbh fhiú duit í (níl mé cinnte an mbeadh sé d'fhoighne agat cur suas liom). Gaeilge Chonamara an chanúint a d'fhoghlaim mé féin ach tá mé pósta ar bhean as Gaeltacht Thír Chonaill agus cineál meascán mearaí de chanúint agam faoi láthair. Agus é sin ráite, má tá nó má bhionn ceist agat orm faoi Ghaeilic Ghaeltacht Thír Chonaill, stróic leat.
GRMA!!

Má bheimíd ag caint i dtaobh Ghaeilice Thír Chonaill, beir id' shaoi agus mise im' dhaoi!