It is currently Thu 30 Apr 2026 4:14 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 13 posts ]  Go to page Previous  1, 2
Author Message
 Post subject: Re: Dublin Irish blog
PostPosted: Tue 12 Aug 2014 4:51 pm 
Offline

Joined: Thu 31 Jul 2014 4:53 pm
Posts: 13
Go raibh míle maith agat, a Chionnfhaolach!

Is aithnidiúil an taifeadadh sin sa ghearthóg YouTube - is as an chartlann Dhoegen é. Tá níos mó anseo: http://doegen.ie/speakers?page=1 - cartlann dochreidte.

Ba ina cónaí san Bhabhún í an Ghuibhríneach, i gceantar Ó Méith, i Lú mar a dúirt tú. Tá ábhar go leor as an ceantar seo, agus faoin chanúint ann. Is canúint Ultach Thoir Theas dairire í an chanúint Ó Méith, ní canúint Laigheanach í.

Scríobh Ciarán Dunbar leabhar íontach faoin chanúint sin - Cnuasach Focal as Oirialla (ar fáil anseo: http://www.coisceim.ie/oirialla.html), agus mholfainn go láidir duit má tá spéis agatsa dona chanúintí sa réigiúin sin. Ba mórán chosúlachta idir an Ghaeilge i Lú Thuaidh, Muineachán Thoir agus Ard Mhacha Theas (an 't-Oirialla' sa theideal den leabhar). Tá blag ag an Dúnbarrach chomh mhaith: http://oirialla.blogspot.ie/.

Is acmhainn ar fheabhas é Labhrann Laighnigh freisin! Bainim úsáid as go minic i mo thaighde ar na chanúintí i Sean-Laighin. Má tá spéis ar bith agaibh sna chanúintí, is bunriachtanach é an leabhar, agus ní ro-dhaor é, ar ndóigh.

Tá súil agam go mbeidh mé ábalta Gaelic Dialects of Leinster (1933) le Donn Piatt scanadh a dhéanamh don bhlag, ach níl mé cinnte faoi chóipcheart sa chás seo. Is íontach tábhachtach - agus uathúil, ar an dhrochuair - an leabhar sin.

Buíochas aríst don thacaíocht, agus bain sult as an bhlag!


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Dublin Irish blog
PostPosted: Tue 12 Aug 2014 11:44 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
Tá beagán i dtaobh Ghaedhilge Chill Mhanntáin i ndeireadh "Leabhar Branach" (DIAS), leis, má tá teacht agat air.

_________________
(SL)(GM)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Dublin Irish blog
PostPosted: Sun 17 Aug 2014 1:20 am 
Offline

Joined: Thu 31 Jul 2014 4:53 pm
Posts: 13
Murchadh wrote:
Tá beagán i dtaobh Ghaedhilge Chill Mhanntáin i ndeireadh "Leabhar Branach" (DIAS), leis, má tá teacht agat air.


Chonaic mé sin uair amháin, a Mhurchaidh; meabhrúchán ar fheabhas. Go raibh maith agat.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 13 posts ]  Go to page Previous  1, 2

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot] and 577 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group