Hi folks
Seo é an chéad chuid den chaint a thug Máirtín Mac Donnchadha faoi chúrsaí na deá-chainte agus na deisbhéalaíochta mar atá sé cloiste agam féin ar aon chaoi. Seans go gcabhróidh sé le daoine atá ag foghlaim Gaeilge agus atá ag iarraidh tuiscint níos fearr do chaint Mháirtín a bheith acu.
...tiocfaidh píosa eile nuair a bhíonn an codladh grifín seo bainte as na méaracha agam...
https://app.box.com/s/m0p0411y777vptk897blAn dea-chaint agus an deisbhéalaíocht - bhuel b'shin é teideal na cainte a thug Máirtín i Halla Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua agus is ar an gcúigiú lá fichead de mhí Márta a thug sé an chaint.
MÁIRTÍN:
Is dona a d'aithin mé mé féin agus Pádraig do mo chur i láthair mar is gnách agus tá's agamsa go maith nach bhfuil duine anseo anocht nach mbeadh in ann deá-chaint a chur i ndiaidh a chéile agus sin é an fáth, ar ndó, a bhfuil sibh anseo. Fear amháin a tháinig chugam agus dúirt sé 'deá-chaint agus deisbhéalaíocht - tá deá-chaint agus deá-chaint ann,' adeir sé, agus sin fear, tá mé cinnte, a gcloisfidh muid uaidh níos deireanaí. Bhí mé ag éisteacht - sul mar thosaigh mé ag obair le Raidio na Gaeltachta, bhí mé ag éisteacht le Raidio na Gaeltachta sílim deireadh na seachtóidí, tús na n-ochtóidí, déarfainn a bhí ann, agus tá pictiúr agam anois - tá a fhios agaibh gur mó - gur fearr go mór an pictiúr a fhaigheann tú ón raidio ná a fhaigheann tú ón teilifís mar go gcuireann sé an (t)samhlaíocht ag obair. Agus tá pictiúr agam anois den rud a bhí ag tarlú bíodh is nach raibh mé féin sa raidio ag an am agus rudaí a chonaic mé ag tarlú sa raidio le mo linn féin a chuirim i bhfeidhm ar an bpictiúr a chonaic mé ar an ócáid áirid seo.
Johnny Shéamais agus Máirtín Jamesie a bhíodh ag obair ina leathbhádóirí ar an gclár Iris Aniar agus is é an mana a bhíodh acu thagadh duine acu amach as an stiúideo théis an clár a chur i láthair, thagadh an duine eile amach as an seomra stiúrtha théis an clár a léiriú agus ní bhíodh de chomhrá eatarthu ach: "Téigh thusa soir, gabhfaidh mise siar". Sin a mbíodh de phlé ann le go meastófaí céard a bhí le déanamh nó céard a bheadh ar an gclár amárach; ach an lá seo ar chuma ar bith bhí sé cloiste agam ar an nuacht áitiúil an mhaidin sin go raibh ranganna snámha le bheith i dTír an Fhia is ní dhéanfadh aon duine aon iontas de sin inniu. Tá snámh ag beagnach chuile dhuine inniu is daoine ag múineadh snámha chuile lá is daoine páirteach i gcomórtaisí snámha agus mar sin de. Ach ba scéal mór an uair sin é. Rud nua a bhí ann. Ní raibh sé róchoitianta ar chor ar bith go gcloisfeá go raibh ranganna snámha le bheith in áit. Agus 'despatcháladh', mar a deireann siad, Máirtín Jamesie go Tír an Fhia leis an scéala mór seo a thabhairt soir le go mbeadh sé acu ar Inis Aniar lá arna mhárach. Agus nuair a chas siad air an t-agallamh lá arna mhárach bhí tú in ann an pictiúr a fheiceáil go deas. Lá deas séimh a bhí ann. Bhí an fharraige le cloisteáil taobh thiar agus bhí fuiseoga go hard san aer agus shamhlaigh tú go raibh an bheirt - an fear a casadh leis agus é féin - taobh istigh den chlaí agus a n-ucht ligthe amach ar an gclaí acu agus iad ag caint go deas réchúiseach le chéile ag breathnú síos ar an té a bhí ag múineadh snámha do na gasúir i dTír an Fhia. Agus is é an fear a bhí ann ná Petey Kelly - a mbeadh aithne ag cuid mhaith agaibh air - as - tá leisce orm a rá anois mar bhí sé cinnte orm é a chur trí mo chloigeann ... d'inseodh Stiofán Ó Flatharta dom é - a mba as Tír an Fhia nó as an Máimín - as an Máimín - as an Máimín ó dhúchas ach bhí sé ina chónaí i dTír an Fhia - ar iontas ar bith mé bheith measctha aige? Ach bhí Petey Kelly, mar atá a fhios agaibh, an-tráthúil ar fad agus thosaigh an chaint ansin eartarthu ag cur síos air go mba iontach an rud gasúir a bheith ag foghlaim snámha agus mar sin. Agus théis tamaillín dúirt Máirtín Jamesie leis: "Nach iontach an rud é," adeir sé, "an ghlúin ar bhain tusa léi théis a raibh de bhádóirí agus d'obair chladaigh dá dhéanamh agus amuigh ar an bhfarraige agus chuile shórt. Ní raibh snámh ag duine ar bith acu. Agus an ghlúin atá anois ann," adeir sé, "tá snámh ag chuile dhuine acu." Agus bhí ciúnas beag ar feadh scaithimh agus an chéad rud eile a labhair Petey: "Is iontach an rud é," adeir sé, "shílfeá dá snámhfadh glúin go snámhfadh an dá ghlúin." Sin deá-chaint.
Deá-chaint agus deisbhéalaíocht, sin an t-ábhar atá le plé againn agus is dóigh gurb é an rud is fearr a dhéanamh i dtosach ná cineál eicint sainmhíniú a thabhairt ar an dá théarma sin. Is é an béarla a chuireanns na foclóirí ar an bhfocal 'deá-chaint' ná 'pleasant, agreeable speech - witty speech - smart talk'. Is is beagnach an t-aistriúchán céanna a dhéantar ar an téarma 'deisbhéalach' - 'well spoken - witty ' arís. Ach má dhéanann muid briseadh síos ar na téarmaí Gaeilge féin - i nGaeilge agus i gcomhthéacs - gheobhaidh muid breis tuisceana maidir le céard atá i gceist leo agus an chúis go bhfuil an oiread sin tóir ag na Gaeil go speisialta ar dhea-chaint agus ar dheisbhéalaíocht.
Anois ar an gcéad dul síos ní scéalta grinn atá i gceist againn. Mar shampla bhíodh scéal ag m'athair agus dá mbeadh pionta ólta aige agus é aige ina shuí go sócúlach is iomaí scéal a d'insíodh sé. Ach is minic a d'insíodh sé an scéal seo: 'Beirt fhear as Conamara ar a mbealach go Sasana agus gan dhá fhocal béarla ina bpluic. Agus landálann siad i mBleá Cliath agus tá scaitheamh beag ar an mbád agus téann siad isteach in áit eicint i mBleá Cliath le haghaidh béile - isteach i mbialann - agus síntear chucu an biachlár agus tá an bheirt chomh dall lena chéile ag breathnú ar an bpíosa páipéir seo a bhfuil scríbhinn eicint air - ach feiceann siad dreamantaí thall agus iad ag déanamh mar seo ar an mbiachlár ag leagan méar ar seo agus ar siúd - so nuair a thaganns an freastalaí chucu déanann siad féin an rud céanna: 'Beidh sé sin againn, is beidh sé sin againn, is beidh sé sin againn." Agus deir an freastalaí leo: "Bhuel féadfaidh sibh é sin a bheith agaibh is féadfaidh sibh é sin a bheith agaibh, ach ní fhéadfaidh sibh é sin a bheith agaibh mar sin í an manageress." Bhí go maith. Tháinig an béile. Leagadh acu é agus d'ith siad é agus bhíodar breá sásta leo féin agus tá a fhios agaibh bhí tú in ann gail a chaitheamh fiú amháin sa mbialann an uair sin. Agus ní raibh aon deifir orthu. Bhí beagán moille ar an mbád sul má bheidís ag gabháil síos chuig an mbád. Agus bhíodar ag caitheamh a ngail ansin ar feadh tamaillín agus ansin d'éirigh duine acu le gabháil chuig teach an asail, agus an fhaid agus bhí sé imithe chuig teach an asail bhí an fear eile ag breathnú ar na gréithre seo a bhí ar an mbord, agus d'aithin sé an salann agus d'aithin sé an piobar ach bhí crúiscín beag eile mar a raibh an stuif buí seo ann agus spúnóg thíos ann. Mustard, ar ndó, ach ní raibh a fhios aige céard é féin ach faoi go raibh sé ann agus spúnóg ann bhí a fhios aige go raibh sé ann le n-ithe. Agus thóg sé spúnóg bhreá agus chuir sé suas spúnóg bhreá mustaird. Agus nuair a tháinig an fear eile ar ais ó theach an asail bhí na deora sillte leis an gcréatúr ag an mustard. "Céard atá anois ort?" adeir sé. "Aidhe seo," adeir sé, "bhí mé a cuimhniú ar m'athair nuair a chroch na Tans é. Tá a fhios ag Dia is gur chuir sé uaigneas orm." Shuigh an fear eile síos agus d'éirigh fear an chaointe is chuaigh sé féin chuig teach an asail, agus nuair a bhí sé imithe chonaic an fear eile na gréithre ar an mbord; agus d'aithin sé an piobar agus d'aithin sé an salann agus thóg sé féin spúnóg bhreá ghroíúil mustaird suas agus nuair a tháinig an fear eile ar ais ó theach an asail bhí na deora ag sillt leis féin. "Céard atá ortsa?" adeir sé. "A muise," adeir sé, "bhí mé ag cuimhniú ar d'athair," adeir sé, "nuair a chroch na Tans é. Agus faraor géar nár chroch siad thusa in éineacht leis." Sin scéalta grinn. An sórt scéalta a chloisfeá ag leithéidí Brendan Grace nó Hal Roache. Agus cé go bhféadfadh scéal grinn a bheith an-ghreannmhar ní shin a dhéanfadh dea-chaint ná deisbhéalaíocht de.
Céard atá i gceist againn mar sin? Bhuel tá téarmaí éagsúla i gceist anseo agus tagann siad uilig as an ngarraí céanna. Tá siad uilig fite fuaite ina chéile. Deireann muid faoi dhuine, mar shampla, a bhfuil stuaim ann ag plé le saothar láimhe go bhfuil sé deaslámhach. Aistríonn an focal 'deaslámhach' go béarla mar 'dexterity' - nó 'dexterous' agus cé nach ionann an focal 'deas' i ndeaslámhach agus an focal 'deis' i ndeisbhéalach d'fhéadfaí a rá gur b'éard atá i gceist le deisbhéalaíocht ná 'verbal dexterity'. Ach is fiú breathnú freisin ar an mbrí atá leis an bhfocal sin 'deis' i ndeisbhéalach. Seo é an focal céanna a úsáideann muid nuair a deireann muid go bhfuair duine 'deis' rud a dhéanamh. Deireann muid go raibh rud ar a dheis ag duine, nó gur thapaigh sé a dheis. Maidir leis an té a bhíonns deisbhéalach d'fhéadfaí a rá faoi go bhfuil a bhéal ar a dheis aige nó go bhfuil a theanga ar a thoil aige. Tá téarma eile fós le cur san áireamh agus muid ag caint ar dheisbhéalaíocht agus ar dheá-chaint agus sin é an focal 'tráthúil'. Aistrítear é seo mar 'apt', 'felicitous' agus arís 'witty'. Agus is tráthúil an sampla a thugtar sna foclóirí le húsáid an fhocail 'tráthúil' a chur i gcomhthéacs. Agus is í an abairt sin í ná - "té atá deas ar an bhfocal oiriúnach a roghnú." Agus ós ag caint ar dheas muid tá an téarma eile sin ann 'deaschaint' a bhfuil an bhrí chéanna leis agus atá le deá-chaint. Mar sin ní ionann cé go gceapann daoine gur ionann - ní ionann deá-chaint agus droch-chaint. Ní caint mhímhúinte ná caint ghráisciúil atá i gceist. Cinnte, is féidir le deá-chaint a bheith garbh agus gráisciúil. Ach ní hé an ghairbhe ná an ghráisciúlacht a dhéananns deá-chaint de. Go deimhin is minic soineantacht agus simplíocht a roinnt le deá-chaint agus deisbhéalaíocht. Is é an rud a deirtear faoi dhuine a bhfuil bua na deá-chainte nó na deisbhéalaíochta aige ná go bhfuil sé abartha. Agus séard atá sé i gceist againn a dhéanamh mar sin ná samplaí a thabhairt daoibh de chuid de na ráiteasaí atá luaite le daoine a raibh sé de cháil orthu go mba daoine abartha iad. Is ó bhéal na ndeisbhéalaithe féin a chuala mé cuid de na cainteanna seo ach is scéal scéil tuilleadh acu.
Bhí fear anseo ar an gCeathrúin Rua, tá leisce orm ainm a chur air, ach bhí fear anseo ar an gCeathrúin Rua a raibh cáil na tráthúlachta air, agus a bhfuil na scéalta a bhaineann leis ina ndeilín acu siúd a chuala iad. Agus sibhse a chuala iad, beidh sibh á gcur le chéile nó go bhfaighidh sibh an t-ainm - den té a bhí luaite leis na scéalta seo ar fad. Is cosúil gurb é féin is túisce a d'éiríodh ar maidin. Chuireadh sé an luaith amach agus d'adaíodh sé tine. D'éirigh a bhean roimhe an mhaidin seo agus nuair a d'éirigh seisean b'ait leis nach raibh an luaith curtha amach aici agus an tine curtha síos aici. "Cén fáth nach bhfuil tine thíos agat, a bhean?" a d'fhógair sé uirthi. "Níl mé in ann í a chur síos ag mo chloigeann," adeir sí. Is dóigh go raibh tinneas cinn ar an mbean bhocht. "Nach iontach é sin," adeir sé. "Chuir mise síos inné í agus ní le mo chloigeann é." Ach bhí ansin bhí an bhean agus bhí an cháil ar an mbean go raibh sí chomh tráthúil leis féin. Tá tuairim agam gurb as an Trá Bháin an bhean ó dhúchas agus mhíneodh sé sin go leor rudaí. D'fhéadfá léacht eile ar fad a thabhairt air ón taobh sin de. Ach d'éirigh an bheirt acu in éineacht maidin amháin is chuaigh seisean ag cur na luatha amach. Agus tá a fhios agaibh sa sean-am, ní hionann agus an chaoi a bhfuil sé inniu bhíodh an doras ó dheas agus an doras ó thuaidh agus ag brath ar cén áit a mbeadh an ghaoth nuair a d'éireodh duine ar maidin chaithfeadh sé an cinneadh mór sin a dhéanamh an é an doras ó dheas ná an doras ó thuaidh a d'osclódh sé. Ach tá a fhios agaibh dá mbeadh an ghaoth ó thuaidh 'sé an doras ó dheas é agus dá mbeadh an ghaoth ó dheas ba é an doras ó thuaidh é, ach rug seisean ar an mbuicéad luatha ar chuma ar bith ina sheasamh i lár an urláir ag cuimhniú air féin cén doras a d'osclódh sé; agus d'fhiafraigh sé "Cá bhfuil an ghaoth inniu, a bhean?" agus d'fhreagair sise, "Cá mbeadh sí ach amuigh?"
Anois an chéad scéal eile tá sé an-choiteanta agus tá sé cloiste agam ins na gaeltachtaí ar fud na tíre ó dhaoine éagsúla ach nuair a bhínnse ag obair Tigh Saile nó Tigh Catháin mar a bhí air an uair sin na seanleaids a bhíodh ann a tharraingíodh anuas an scéal seo bhí an scéal luaite leis an bhfear áirid seo atá i gceist agam. Anois níl a fhios agam an é gur chuala sibh in áit eile é agus go raibh an fear chomh tráthúil, rud a bhí, go luaití chuile scéal leis nó an é gur b'iúd é an chéad fhear gur bhain an scéal leis. Bhí sé lá eile agus chonaic sé an garda ag déanamh a bhealach aníos tríd an mbaile agus é ag gabháil ó theach go teach ag fiosrú go raibh ceadúnais gadhair ag daoine. Thug sé seo na cnocáin air féin a cheapadh go seachnódh sé an garda ach nuair a thug nár lean an madadh é, agus chonaic an garda é agus an madadh dá leanacht agus bhí a fhios ansin aige nach raibh aon mhaith gabháil ann. Chuaigh sé abhaile. Tháinig sé isteach sa gcistineach, an madadh isteach lena shála is chuaigh an madadh isteach agus luigh sé istigh faoin mbord. Ní raibh sé i bhfad istigh nuair a tháinig an garda chuig an doras agus déarfá go raibh mianach maith abhcóide sa ngarda agus an chaoi a ndeachaigh sé don chroscheistiú ar fhear an ghadhair. "An leat an madadh?" d'fhiafraigh sé de. "Ní liom," adeir mo dhuine agus an madadh istigh faoin mbord aige. "Ach bhí sé dod' leanacht," adeir an garda. "Ní liom thusa agus bhí tú dom' leanacht," a d'fhreagair seisean. Agus fuair an garda amach go raibh mianach maith abhcóide i bhfear na Ceathrún Rua é féin. Shíl an garda nach raibh aon lúb ar lár sa gcaoi a raibh sé ag gabháil don chroscheistiú ach feiceann tú gur aimsigh an deisbhealaí an lub agus chuir sé an phraiseach ar fud na mias air - sin deá-chaint agat.
Anois is dóigh gurb é an acmhainn is mó atá ag an té atá tráthúil ná an aclaíocht intinne seo a thabharfadh le fios nach mbíonn sé i bhfad ag cuimhniú air féin nuair a thugann sé ar fhreagra. Ní gá go mba chaint stuama í ná caint a mbeadh ciall léi fiú amháin, ach is gá go mbeadh cuma na céille uirthi agus go spreagfadh sí intinn an éisteora más chun a shástachta nó chun a mhíshástachta é. D'fhéadfaí caint chríochnúil a thabhairt uirthi freisin.
Anois ós a chaint ar chríochnúlacht é chuala mé abairtín álainn dheisbhéalaíoch ar Raidio na Gaeltachta scaitheamh beag ó shin. Agallamh a bhí ann a rinne Máirtín Tom Sheáinín sna blianta siar le Pádraig Bradley as Poll Uí Mhuireann agus Seán Ó Fathaigh as Mionlach faoi fhir láidre. Chuala cuid agaibh muid ag caint air seo ar maidin. Bhí Seán Ó Fathaigh ag déanamh amach nach raibh mórán a chuirfeadh anuas é féin ag cor corraíocht. Ach bhí teoiric ag Pádraig Bradley nach bhféadfadh aon fhear chomh beag le Seán Ó Fathaigh na cosa a choinneáil faoi nuair a bhéarfadh fear níos mó ná é isteach air. "Tá Seán Ó Fathaigh a rá go gcoinneodh," adeir Máirtín le Bradley. Agus seo é an freagra a thug Bradley, "Níl aon chíos ar an gcaint."
Só chuir an abairtín bheag shaibhir sin deireadh leis an argóint ar bhealach nach ndéanfadh aon iomrascáil nó aon iomrascálaí lena chuid spreactha nó lena chuid gleacaíochta. Ba chuma cé chomh maith agus bhí tú ag cor corraíocht mura raibh cora maithe cainte agat ní raibh tú leis an gceann is fearr a fháil ar Phádraig Bradley. Is é an rud a léiríonn sé sin ná nach gá gur ráiteas nuachumtha a bheadh i ndeá-chaint. Is í an scil atá ag an té atá abartha ná go bhfuil sé in ann na ráiteasaí a ionnramháil - go bhfuil é in ann iad a chruthú as an nua más gá ach go bhfuil sé ar a chumas tarraingt as tobar na deá-chainte a chum daoine eile freisin. Faraor tá an scil sin ag imeacht as an saol agus is maoile agus is leimhe an ghnáthchaint sa lá atá inniu ann dá bharr. Ar ndó tá macalla na staire sa ráiteas sin "Nil aon chíos ar an gcaint" an tráth a raibh tiarnaí talún ann agus cíos buailte ar chuile rud ach sin gné den saol nár athraigh mórán. Tá cíos ar chuile shórt inniu agus má aimsíonn siad rud nach bhfuil aon chíos air beidh cíos amárach air ach amháin ar an gcaint agus bíodh luach againn air sin. Níl aon chíos ar an gcaint agus úsáideadh muid í agus baineadh muid sásamh aisti.