An Lon Dubh wrote:
Is dócha go bhfuilid siad go maith ach an bhfuil an fhírinne iontu? Cuir i gcás an scéal "Cití Cearc", chífir cat agus is féidir leis a labhairt, níor chualas agus níor chonac aon chat riamh in ann a labhairt. B'fhéidir go bhfuil cait den tsaghas san ins an Ghaeltacht ach táim in amhras leis.
Aguisín: Ach, caithfead a rá go gcuireann sé áthas orm na hainmhithe ag labhairt na Gaelainne. Níl sé mar sin im' cheantar-sa, bíonn spideog im' ghairdín gach lá agus ní labhrann sí an ghaelainn, deireann sí "Tweet" go ana-mhinic, ach do mhíníos an saol cruaidh atá ag ár dteangain di agus cuireann sí "Tubhaoit" ina inead anois.
Ó ' mhuise, labhraid na hainmhithe Gaeltachta an Ghaoluinn is binne dar ndóigh. Ar airís an t-amhrán na hiontaisí choíche? Thá buanna níos mórthaibhsí acusan

.
http://www.youtube.com/watch?v=2tDctz3pPws
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)