It is currently Mon 11 May 2026 3:48 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 
Author Message
PostPosted: Sat 21 Dec 2013 1:55 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 18 Jul 2012 9:00 am
Posts: 23
Location: Luimneach, Ireland
A chairde,

maidir leis an nath "um thráthnóna", an bhfuil aon riail ag baint leis an séimhiú ar "tráthnóna"?

An bhfuil "um thráthnóna" ceart uaireannta, agus "um tráthnóna" ceart uaireannta eile?

Eoin

_________________
Take the free email course Irish for Beginners by Bitesize Irish.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 21 Dec 2013 2:05 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1313
Eoin wrote:
A chairde,

maidir leis an nath "um thráthnóna", an bhfuil aon riail ag baint leis an séimhiú ar "tráthnóna"?

An bhfuil "um thráthnóna" ceart uaireannta, agus "um tráthnóna" ceart uaireannta eile?

Eoin

Cuireann "um" séimhiú ar c,d,f,g,s,t ach ní chuireann sé séimhiú ar b,p,m.

_________________
The dialect I use is Cork Irish.
Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 21 Dec 2013 3:57 pm 
Offline

Joined: Wed 24 Jul 2013 2:31 am
Posts: 329
Nílim róchínnte cathain agus cá háit is féidir leat "uim" a dh'úsáid. Is é rud a cheapainnse ar dtúis ná go n-úsáidfí "uim" roim chunsan chaol, ach tá "uim Shadhbh" agus "uim an am san" ann sa litríocht, agus b'fhéidir gur minicí a chífí (nú a cloisfí) uim ná um - ach roim "tráthnóna" is um, gan dabht, b'fhéidir de bhárr gutha deiridh a sheasamh sa chéad siolla den fhocal?


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 22 Dec 2013 2:33 pm 
Offline

Joined: Sun 22 Dec 2013 2:17 pm
Posts: 21
patrickjwalsh wrote:
Nílim róchínnte cathain agus cá háit is féidir leat "uim" a dh'úsáid. Is é rud a cheapainnse ar dtúis ná go n-úsáidfí "uim" roim chunsan chaol, ach tá "uim Shadhbh" agus "uim an am san" ann sa litríocht, agus b'fhéidir gur minicí a chífí (nú a cloisfí) uim ná um - ach roim "tráthnóna" is um, gan dabht, b'fhéidir de bhárr gutha deiridh a sheasamh sa chéad siolla den fhocal?


Níl 'uim' in FBG in aon chor. An rud stairiúil é nó foirm den fhocal a bhaineann le canúint áirithe?

FGB: Um Shionainn - by the banks of the Shannon

Ar aon chuma, mar a dúradh cheana, cuireann um séimhiú ar fhocal nuair is féidir, mar a dhéanann formhór na réamhfhocal simplí.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 22 Dec 2013 3:02 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1313
A Hay Machine wrote:
Níl 'uim' in FBG in aon chor. An rud stairiúil é nó foirm den fhocal a bhaineann le canúint áirithe?

FGB: Um Shionainn - by the banks of the Shannon

Ar aon chuma, mar a dúradh cheana, cuireann um séimhiú ar fhocal nuair is féidir, mar a dhéanann formhór na réamhfhocal simplí.

Déarfainn gur rud stairiúil é "um", mar is é "uim" an fhuaimniú i Mumhain agus ní deirtear an réamhfhocal san i nDún na nGall ná i gConnacht (Lughaidh, Bríd?). Rud a chuireann an ionadh orm gurb é "imm" an leitiriú i SeanGhaelainn, agus n'fheadar cá dtáining "um" ach do glacadh é i Nua-Ghaelainn Clasaiceach.

_________________
The dialect I use is Cork Irish.
Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 03 Jan 2014 11:33 am 
Offline
User avatar

Joined: Wed 18 Jul 2012 9:00 am
Posts: 23
Location: Luimneach, Ireland
Go raibh maith agaibh, a chairde.

Úsáidfidh mé "um thráthnóna" mar sin.

_________________
Take the free email course Irish for Beginners by Bitesize Irish.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 427 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group