It is currently Sat 02 May 2026 5:20 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 16 posts ]  Go to page 1, 2  Next
Author Message
PostPosted: Wed 05 Oct 2011 10:24 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
A dhaoine uaisle,

Ar dtús, míle buíochas do na riarthóirí anseo ar Irish Learners' Forum as ucht an cead a thugadar dúinn an tsnáithe seo a thosnú san fhóram seo. :)

Is riarthóirí mé agus Taoiseach ar an suíomh http://www.foramnagaeilge.com. Oibrí deonach is ea mé, gan amhras! D'ofráil mé cabhar a thabhairt do Thaoiseach, an fear óg a chruthaigh an fóram, dhá mhí go leith ó shin.

Tá an-fhorbairt tagtha air thar an mí seo caite. Tá óstáil níos fearr againn anois, agus tá na fógraí ghránna a raibh ann imithe. Tá súil againn nach dtiocadar ar ais ach an oiread!

Chuireamar tús le haistriúchán ar an "Language Pack" an tseachtain seo. Tá súil againn go mbeidh pack iomlán Gaeilge do phpBB3 againn nuair a críochnaímid an próiséas.

Má tá suim ag éinne sa tionscadal, ná bíodh imní ort dul i dteagmháil linn. Scríobh ar an bhfóram féin nó seol r-phost chugam ar tomas.ocoileain@foramnagaeilge.com, nó chuig Seán ar taoiseach@foramnagaeilge.com.

Hello everyone,

First of all, many thanks to the admins here on irishlearner.awyr.com for giving us permission to start this thread. :)

The poster Taoiseach and I run the site mentioned in the title. All voluntary work, of course! I offered to give Taoiseach a hand with the site shortly after he founded it, about two and a half months ago.

We've made a great deal of progress on the site over the past month. We now have Advanced Hosting, and the awful adverts that were plaguing us are gone now. Hopefully they won't be making a return!

We started the process this week of translating the language pack from English into Irish. We're hoping by the end of the process to have a complete Gaeilge language pack suitable for use on phpBB3.

If anyone is interested in the project (whether in taking part or just following the story), feel free to contact us. Post on the forum itself or write to us at the e-mail addresses listed above.


Go raibh maith agaibh.

Mise le meas,
IO/Tomás.

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 06 Oct 2011 8:12 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3594
Location: An Astráil
Go n-éirí an fóram libh agus go maire sibh é.
(May your forum be a success and may you enjoy it for a long time.)

Members of ILF who have progressed a bit are encouraged to practice their skills at Fóram na Gaeilge and bring back lots of questions about Irish to ask here at ILF. :D (Some of us are already there contributing and supporting in one form or another.)

_________________
Múinteoir Gaeilge - Irish Teacher
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect, but I can also speak Ulster and Munster Irish with native-level pronunciation.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), Gaeilic Uladh (GU), Gaelainn na Mumhan (GM), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 06 Oct 2011 5:36 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 07 Sep 2011 3:44 pm
Posts: 56
Breandán wrote:
Go n-éirí an fóram libh agus go maire sibh é.
(May your forum be a success and may you enjoy it for a long time.)

Members of ILF who have progressed a bit are encouraged to practice their skills at Fóram na Gaeilge and bring back lots of questions about Irish to ask here at ILF. :D (Some of us are already there contributing and supporting in one form or another.)



Thanks for that Breandán. We look forward to seeing new members, and to cooperation between the fora. It's nice to see people interested in Irish opened up to a larger Irish language community, and the road goes both ways. :toast:

_________________
A Róisín, a ghrá, ná bíodh brón ort

Please wait on confirmation for all translations

Ag Iarraidh cómhra as Gaeilge? Bígí Linn - http://www.foramnagaeilge.com


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 14 Oct 2011 6:46 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 07 Sep 2011 3:44 pm
Posts: 56
Nuacht an Lae


I bhFealsúnacht agus Creideamh - Dulce et Decorum est Pro Patria Mori - Is rud binn beannaithe é chun bás a fháil ar son an tíre.

I Stair & Polaitíocht - Uachtarán na hÉireann & Fógra Phoblacht na hÉireann

I Spórt - Pat Gilroy - Fanacht nó Imeacht? & Éire v An Eastóin i gcluichí cáilithe Euro 2012

I gCursaí Reatha agus Cómhra - Seilg an tsionnaigh thart!

_________________
A Róisín, a ghrá, ná bíodh brón ort

Please wait on confirmation for all translations

Ag Iarraidh cómhra as Gaeilge? Bígí Linn - http://www.foramnagaeilge.com


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 24 Oct 2011 2:45 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Nuachtlitir 2 (22ú Deireadh Fomhair, 2011)

Ag Tógáil Phobail
Táimid i dteagmháil le daoine i bpobal na Gaeilge chun an suíomh a chur chun cinn. Táimid ag obair trí mheán r-phost, Twitter agus Facebook. Má tá aithne agaibh ar éinne a cheapann sibh go mbeadh spéis acu sa suíomh, inis dóibh faoi, nó cuir fios orainn. Tá athas orainn a rá go bhfuil 10 tacadóirí nua againn ar Twitter sa seachtain seo. Is féidir libh muid a leanúint (má tá cúntas Twitter agaibh) anseo : Foram_Gaeilge.
Ár mball is nua an seachtain seo is ea emf agus tá céad míle fáilte roimhe/roimpi!

Mar is gnáth, ba mhaith linn cuireadh thabairt do ghach duine aiseolas a thabhairt dúinn faoi na fóraim. Má tá aon rud nach bhfuil tú sásta leis cruthaigh snáithe sa Fo-Fhóram le haghaidh Fógraí agus Aiseolas.

Ag Baint Úsáid as na Blaganna
Chuireamar Blaganna leis an suíomh níos mó ná mí ó shin. Ar an drochuair níl ach ceann amháin beo ag an bpointe seo! Ba mhaith linn níos mó a fheiceáil, agus b'aoibhinn linn an pobal a spreagadh chun iad a dhéanamh. Má tá aon ábhar atá spéis speisialta agaibh ann nó a mbíonn sibh i bhúr tsaineolaithe ann scríobh píosa beag air dúinn. Más é sin an stair, teangeolaíocht nó tíreolaíocht, eolaíocht, cultúr nó rud éigin ar bith eile, bheimis ríshásta é a léamh.

Comórtas Lógó Nua
Tá comórtas nua tosaithe againn ar an suíomh chun lógó nua a fháil. Chuir Insect Overlord agus Taoiseach a gcuid iarrachtaí leis agus dúirt Dámbarudé go ndéanfaidh sí ceann dúinn go luath. Feicfidh sibh lógó beag sa chúinne AAA (URL). Tá sé oscailte don phobal chun bhur n-iarrachtaí a chur leis an gcomórtas.

Snáitheanna Suimiúile
Seinnteoir nua ag rnag
Babaró
Caismirtí ag Dale Farm

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 31 Oct 2011 12:14 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Nuachtlitir 3

Gnéithe nua ar fáil
Táimid i gcónaí ag lorg gnéithe nua chun an suíomh a chur chun cinn. Chuireamar leis sin le linn na seachtaine seo, agus dhá cnaipe nua á chur ar an leathanach bhaile.

Is féidir le úsáideoirí tabhartais a bhronnadh don suíomh anois leis an gcnaipe atá ag bun an leathanaigh. Caithfimid a rá, áfach, nach bhfuil aon brú ar chor ar bith ar dhaoine airgead a thabairt. Rud deonach is ea é.

Is éard is atá sa dara ceann ná an cnaipe "Lean" le haghaidh úsáideoirí Twitter. Má tá aon gné uait, is féidir libh r-phost a sheoladh dúinn, nó é a rá i bhFógráí agus Aiseolas.

Image Image

Image
Mar is gnáth, ba mhaith linn cuireadh 'thabairt do ghach duine aiseolas a thabhairt dúinn faoi na fóraim. Má tá aon rud nach bhfuil tú sásta leis cruthaigh snáithe sa Fo-Fhóram le haghaidh Fógraí agus Aiseolas.

Ár mball is nua an seachtain seo is ea GGN agus tá céad míle fáilte roimhe/roimpi!

Mar is gnáth, ba mhaith linn cuireadh thabairt do ghach duine aiseolas a thabhairt dúinn faoi na fóraim. Má tá aon rud nach bhfuil tú sásta leis cruthaigh snáithe sa Fo-Fhóram le haghaidh Fógraí agus Aiseolas.

Comhghairdeas Michael D. Higgins!

Tá áthas orainn a rá go bhfuil Michael D. Higgins ina 9ú Uachtarán na hÉireann, agus tá sé ráite aige go mbeidh sé ina Uachtarán don phobal ina iomlán. Tugtar le tuiscint dúinn go raibh sé ag cur Tuaisceart na hÉireann faoi bhráid. Ba mhaith linn, ag Fóram na Gaeilge, Comhghairdeas a thabhairt dó agus dá leanteoirí, agus go n-éirí leis san Áras. Fuair sé níos mó ná miliún vóta sa toghchán, agus tá na vótaí le feiceáil go sóléir, toghlach i ndiadh toghlaigh anseo.


Scéalta an Suímh

Snáitheanna nua Suimiúile

Comhcheangal Focail - Le Taoiseach

Caint as Gaeilge ar IRC - #gaeilge le Insect Overlord

Focal an Lae le Taoiseach

Tá Blag nua ag Taoiseach- Náisiún in aghaidh Stát ar an ábhar Éireann agus a pobal agus a teanga.


Athfriotal na Seachtaine : "Táim fíorshásta go bhfuil ag éirí go maith le Mícheál D inniu, tá sé tuilte aige", dámbarudé ar ábhar Uachtarán na hÉireann

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 30 Nov 2011 4:02 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Nuachtlitir 5

Nuacht

An Tairseach
Ó sheoladh ár nuachtlitir is déanaí, beagnach cóicís ó shin, tharla mórán athruithe ar an suíomh. An ceann is mó is ea an Tairseach. Gné is ea an Táirseach a thugann baile pearsanta d'usáideoirí, le boscaí do na hábhair is déanaí, na fógraí is déanaí, staitisticí, Roghchlár Úsáideora, féilire, clog agus mórán eile. Is féidir libh bhur tuairimí ina leith a léiriú i bhFógraí agus Aiseolas, agus tá súil againn go mbainfidh sibh an taitneamh as.

Ár mball is nua an seachtain seo is ea Murchadmor agus tá céad míle fáilte roimhe/roimpi!

Mar is gnáth, ba mhaith linn cuireadh thabairt do ghach duine aiseolas a thabhairt dúinn faoi na fóraim. Má tá aon rud nach bhfuil tú sásta leis cruthaigh snáithe sa Fo-Fhóram le haghaidh Fógraí agus Aiseolas.

Fo-Fhóram Nua

Tá fo-fóram nua againn chun plé a spreagadh. Ceaptar go mbíonn a lán daoine ag iarraidh plé ar chúrsaí Teicneolaíochta, agus tá áthas orainn an deis seo a thabhairt. Tá an Fo-Fhóram nua, Teicneolaíocht, suite i "Na hEalaíona", agus tá céad míle fáilte roimh ábhair nua ansin!

Snáitheanna nua Suimiúile

Nuacht nasiúnta an Lae Le Taoiseach

Darren Scully, agus an méid atá ráite aige Le Taoiseach

Sagart Eile Neamhchiontach? Leis AnFeirmeoir

Corn rugbaí na hEorpa Le emf

An Rialtas ag obair i gcoinne na Gaeilge Le Deirdre

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 11 Jul 2013 2:56 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
N'fheadair an gcuimhin le héinne an suíomh seo, ach táimid ar ais arís.

An URL céanna atá i gceist (www.foramnagaeilge.com) ach tá cuma nua air.

Chruthaigh mé an suíomh as an nua ar 20ú Márta, mar sin ní oibreoidh na sean-nascanna thuas!

Mé fhéin amháin atá ag obair ar an suiómh faoi láthair. Tá grúpa beag deas ann a póstálann ó am go ham.

Mar a dúirt mé i 2011, glacfaidh mé le moltaí, le haiseolas, agus go háirithe le baill nua a bhfuil fonn orthu Gaeilge a labhairt/ a scríobh faoi topaicí ar bith!

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 11 Jul 2013 5:13 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3594
Location: An Astráil
Is é do bheatha thar n-ais, a I O. Comhghairdeas libh faoin suíomh nua. Go n-éirí libh an athuair ! :D

_________________
Múinteoir Gaeilge - Irish Teacher
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect, but I can also speak Ulster and Munster Irish with native-level pronunciation.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), Gaeilic Uladh (GU), Gaelainn na Mumhan (GM), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 11 Jul 2013 5:23 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 82
Location: Luimneach
Breandán wrote:
Is é do bheatha thar n-ais, a I O. Comhghairdeas libh faoin suíomh nua. Go n-éirí libh an athuair ! :D


Míle buíochas! :) Tá sé i bhfad níos maille ag fás an uair seo, ach measaim go mairfidh sé níos faide. Nílim chomh dána is a bhí an té eile dhá bhlian ó shin, ó thaobh fógraíochta de. ;)

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 16 posts ]  Go to page 1, 2  Next

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], mürk and 303 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group