Conas atá sibh gach éinne? Faoi láthair táim ag rith cainéal youtube as gaeilge amháin mar gheall ar chluichí ríomhaireachta agus gach saghas rud eile.
www.youtube.com/codasgaeilgeChruthaigh mé an cainéal chun taispeáint do dhaoine óga na tíre, go háirithe, go féidir Gaelainn a úsáid go laethiúil i slí go féidir linn beagánín spraoi a bheith againn ag an t-am céanna. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta an chéad gliún eile a spreagadh chun a dteanga dúchais a labhairt.
Seo sampla don ghnáth saghas fís a dhéanaim
http://www.youtube.com/watch?v=jG4rg3v19WwAch muna bhfuil suim agat i gcluichí ríomhaireachta déanaim físeanna eile mar gheall ar topicí éagsúla ar nós.."Cad é an pointe Gaelainn a labhairt"
http://www.youtube.com/watch?v=bw_mLx9nrXgChomh maith, chonaic TG4 mo chainéal agus thugadar cuireadh dom teacht ar an teilifís chun labhairt mar gheall ar an gcainéal. Ta an fís sin anseo!
http://www.youtube.com/watch?v=3HebJKC9v60Chomh maith táim ag rith blog ina chuirim transcripts na físeanna ar fad ar fáil as Gaeilge d'éinne atá ag foghlaim. Nílim tar éis gach fís a dhéanamh fós ach déanfaidh mé nuair a bheidh am agam
http://codasgaeilge.blogspot.ie/2013/03 ... -snag.htmlPé scéal e, theastaigh uaim é seo a chuir anseo i gcóir aon duine go mbeadh suim acu bualadh isteach agus féachaint ar chúpla fís. Níl faic i gcainéal youtube ach duine ag caint leis féin muna bhféachann aon duine ar na físeanna mar sin cabhraíonn gach duine a fhéachann ar mo chuid físeanna go mór linn!
Chomh maith, má tá aon aiseolas ag éinne anseo ba bhreá liom é a chloisint. Bhíos ag smaoineamh fotheidil Béarla a chur ar gach fís ach n'fheadar, b'fhearr liom an méid is lú Béarla a úsáid. Ach fós bíonn an-chuid daoine i Meiricéa agus sa Spáinn ag féachaint ar mo fhíseanna agus tá siad fós ag foghlaim mar sin b'fhéidir go smaoineamh maith is ea é? N'fheadar, cad a cheapann sibhse?!
Go raibh maith agaibh as éisteacht!