|
Do léas, ó leabhar a scríobh an Rathailleach (T.F.), gur thosnaigh na canúintí 'tá againn inniu chomh fada siar le tarna haois déag. Dar nóin, do bhí canúintí ag SeanGhaelainn agus ag Gaelainn Ársa leis.
Más buan mo chuimhne, is í Gaelainn na hAlban an chéad chanúint a scar leis an gcuid eile den teangain, agus tr' éis an scartha san do roinn SeanGhaelainn i dhá chanúint, canúint den tuaisceart agus canúint den deisceart, agus cruthaíodh Gaeilg Uladh nuair a mheasc Gaelainn tuaiscirt agus Gaelainn na hAlban, agus is í Gaelainn Chonnacht an chanúint tuaiscirt bunaidh. Sin é an scéal sa leabhar Rathailligh, ach b'fhéidir gur fuaireathas eolas níos cruinne ó shin.
_________________ The dialect I use is Cork Irish. Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal
| Last edited by An Lon Dubh on Sun 07 Apr 2013 10:54 am, edited 1 time in total. |
| Pronoun agreement at the start of the second paragraph. |
|