Quote:
Ní thosnaíonn teangacha i gcanúintí. Tagann na canúintí ar ball beag éigint eile nuair a thá briseadh de shaghas éigint tagtha.
bidheann briseadh ann ón lá a labhrann níos mó ná duine amháin an teangaidh. Agus ar rugadh 'n Ghaedhlic i gcloiginn duine amháin? Char rugadh. Bhí cuid mhór daoiní a' labhairt Gaedhlice ón tús agus sin an tuighe a rabh éagsamhlacht i gcomhnaidhe ins a' Ghaedhlic agus ins na teangthacha eile fosta. Tuighe nach mbeadh éagsamhlacht sa teangaidh in Éirinn, i n-am a rabh coillte ar fud na tíre agus treibheannaí éagsamhla a' troid le chéile agus gan ach giota beag bealaighe agus slighteach fríd a' tír? agus gan ag na daoiní ach beathaigh, carbaid agus cairteannaí adhmaid, nuair nach mbeadh siad a' gabháil do shiubhal cos! Tuighe a labhairfeadh na daoiní sine uilig ar a' dóigh chéarna, ó tharla nach labhairfeadh siad le chéile am ar bith?
Quote:
Ní thuigim an snáith a thugais, cé gur chonac air...fós ní tuigeadh dhom é. "Teanga Ríomhaireachta" ? Ní dóigh liom go raibh caighdeán ann ach teanga an uair san.
teisteánann sin go mbidheann éagsamhlacht ins na teangthacha siocair go bhfuil na daoiní éagsamhail. Cha labhrann na daoiní ar a' dóigh chéarna siocair go bhfuil siad difreamhail agus níl siad ag iarraidh bheith cosmhail go h-iomlán. Tá canamhaintí i dteangthacha saordha, tá canamhaintí i dteangthacha a h-athbheóthaigheadh fosta (Eabhrais...). Rud nádúrtha atá ann.
Quote:
Níor thánaig an Ghaoluinn ar an bhfód i ngiotaí, níor tháinig sí i bpíosaí ach an oiread.
tháinig: tháinig treibheannaí éagsamhla, pobail éagsamhla, as ceanntracha éagsamhla. Ní duine amháin a chruthaigh 'n Ghaedhlic lá eighineacht agus a theagasc do na daoiní eile í. Bhí sí á labhairt ag cuid mhór daoiní ón tús, as áiteacha éagsamhla.
Quote:
D'éabhlóideadh í, tháinig na canúintí níosa dhéanaí
Cha dtig leat sin a dhearbhughadh. Ach tá a fhios go rabh éagsamhlacht sa t-Sean-Ghaedhlic sgríobhtha cheana féin, gidh nach rabh sé gomh soilléir agus atá na canamhaintí anois - siocair go rabh caighdeán eighineacht ansin, agus nach sgríobhfadh na daoiní mar a labhairfeadh siad. Ach tchíthear duifreacha, tá foirm mhalartacha ann i Sean-Ghaedhlic. Amhanc ar an t-Sean-Bhéarla fosta, a labhairfí ins an ré chéarna: canamhaintí uilig go léir. Amhanc ar an t-Sean-Fhrainncis: canamhaintí uilig go léir. Sean-Ghearmáinis... teangthacha Rómánsacha... Tuighe a mbeadh sé difreamhail i n-Éirinn?
Léigh A Grammar of Old Irish le R. Thurneysen, lch. 12 (§16) agus tchífidh tú nach mise amháin a shíleas sin.