|
D'éirigh mé as deochanna milse le gairid agus chaill mé deich gcileagram faoi cheann cúpla seachtaine. Deochanna boga atá i gceist agus sú torthaí ón siopa.
Ní maith dhuit sú torthaí gan an snáithín cothaitheach agus b'fhearr dhuit é a dhéanamh go húr sa bhaile.
Is í caoineog ghlas ná deoch torthaí le glasra ann le breis snáithín cothaithigh a fháil (mar sailéad glasra agus torthaí measceáilte le chéile).
Caoineog ghlas:
1 cupán meacain dhearga (cairéid) 1 úll 1 cupán glasra duilligh (leitís, bok choi, srl) 1/3 cupán cnónna 1/3 cupán sabhdánaigh nó rísíní uisce
Chuile ní isteach i gcumascóir le nóiméad nó dhó agus ansin ith le spúnóig mar bhricfeasta nó mar lón é.
(Níl san oideas thuas ná sampla amháin - is féidir cibé glasraí nó torthaí is maith leat a thabhairt ann más féidir an rud a ithe amh (gan é a bhruith.))
Tá sí an-bhlasta. Bain triail as !
(Fáilte roimh chuile cheartúcháin)
_________________ Múinteoir Gaeilge - Irish Teacher My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect, but I can also speak Ulster and Munster Irish with native-level pronunciation. Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí. Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), Gaeilic Uladh (GU), Gaelainn na Mumhan (GM), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).
|