Lughaidh wrote:
Quote:
há an "rr" san fós beo i mbéalaibh na gcainteoirí maithe anso, ach mar sin fhéinig thá'n nós ag imeacht de bharr nósanna droch-fhoghraíochta na sgol

go rabh maith ag an Roinn Éadóchais.
An Stáit in éadan na Gaedhilge...
Dheá dhóigh le teangaidh a mharbhadh: cosc a chur orthaí agus náire a chur ar na daoiní a labhras í (mar sa Bhriotáin), nó an teangaidh a theagasc go holc agus tabhairt ar na cainteoirí dúthchais a chreidbheáil nach labhrann siad go maith (mar in Éirinn).
Ní dóigh'l go bhfuil an riaghaltas i gcoinnibh na teangan, gan amhras tháid t'réis an méid san airgid a chaitheamh uirthi. Ach, thá folús millteach mór eolais ann ar cad is deagh-fhoghraíocht ann. Dubhairt fear ró-chliste liom tráth go mbíonn an chluas, ní an tsúil, an rud is tabhachtaí agus teanga á fhoghlaim agat. Im thuairim thá i n-iomarca beime air sgríobh na teangan. Ach, níos measa fós cloisim sgoláirí, sgoláirí Gaeltachta is scoláirí Gaelsgolaíochta araon, agus buachaill a dh'fhoghrughadh acu mar "bukill" an Bhéarla. Ba chóra go mbeadh béim ní hamhain ar labhairt na teagan ach air fhoghraíocht na teangan leis. Caithimid an timthriall a bhriseadh!
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)