It is currently Fri 05 Jun 2026 2:59 am

All times are UTC

Forum rules

Please click here to view the forum rules

Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 
Author Message
 Post subject: Beir uirthi / beir air?
PostPosted: Sat 17 Nov 2012 10:50 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3444
Location: Cill Dara
Is focal baininscneach í liathróid. An deireann daoine 'beir uirthi' nó an deireann siad 'beir air'? Is dóigh liom go bhfuil 'uirthi' ceart ach an deireann daoine é sin?

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 18 Nov 2012 12:37 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Saoirse wrote:
Is focal baininscneach í liathróid. An deireann daoine 'beir uirthi' nó an deireann siad 'beir air'? Is dóigh liom go bhfuil 'uirthi' ceart ach an deireann daoine é sin?

Deirimse "beir uirthi" ach thá'n nós ann anois go n-úsáidtear an forainm firinscneach do gach focail, go háirithe i nGaeilge na Scol.

mar shampla deirtear: Is teanga deas é an Gaeilge

Ba chóra é ' bheith: Is teanga deas í an Ghaeilge

(Tá sé go deas (an aimsir))

'Sí "Tá sí go deas" an fhoirm ceart!

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 18 Nov 2012 1:36 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Deirimse "beir uirthi" ach thá'n nós ann anois go n-úsáidtear an forainm firinscneach do gach focail, go háirithe i nGaeilge na Scol.

níl mé cinnte go dtig an nós sin ó na scoltacha ie. ón Bhéarla. In 'An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh' agus i leabharthaí eile fosta, mínithear gur minic a úsáidtear "sé" agus "é" le tagairt ar rudaí (eadar bhaininscneach agus fhirinscneach), agus go n-úsáidtear "sí/í" le tagairt ar ainmhithe baineanna nó ar mhná agus ar chailíní ach ní i gcónaí ar rudaí a bhfuil an inscne bhaineann acu... (ach tá cupla eisceacht: "sí" a úsáidtear le tagairt ar chait go minic, agus ar bhádaí... agus ar chupla rud eile)

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 18 Nov 2012 2:55 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Lughaidh wrote:

Thá cinnte, gan amhras, thá sé le cloisint i measg chainteoirí maithe an lae inniuimh leis ach i gcúige Mumhan do Chloisfí na forainmneacha "sé" agus "é" a' tagairt d'ainmfoclaibh fhirinscneacha agus "sí" 7 "í" ag tagairt d'ainmfhoclaibh bhaininscneacha i bhfad níos mó ná'n mhalairt. Dob' fhéidir go bhfuilid na canúintí eile difreamhail ach úsáideann "Gaeilge na Sgol"- "sé agus é" do gach forainm gan aird ar Chanmhaint- sin mo thaithí féinig. Gan amhras úsáidtear "sé" agus "é" agus tú ag labhairt fé rud teibí, mar shampla an chéad líne agamsa: "Thá le cloisint i measg...". Thá na eisceahtaí san agat rud éigint eile ar fad fós i mBéarla na hÉireann/ B'fhéidir i mBéarla go ginearálta deirtear "sí" nuair a bhfuilid á dtagairt do bhád nú long nú carr.

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 18 Nov 2012 5:13 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
B'fhéidir i mBéarla go ginearálta deirtear "sí" nuair a bhfuilid á dtagairt do bhád nú long nú carr.

úsáidtear "sí" le tagairt do bhád i dToraigh, más buan mo chuimhne, agus creid mise, is í Toraigh an áit is Gaelaí in Éirinn :mrgreen: chaith mise cupla uair a' chloig ann agus char chualaidh mé Béarla ann agus bheadh na déagóirí a' labhairt Gaeilge le chéile, rud nach ndéanann na déagóirí ins na Gaeltachtaí eile do ghnáth, dar liom, nó níl a' Ghaeilg "cool", tá's agad. Cibith, má deirtear "sí" sa chás sin i dToraigh chan é tionchar a' Bhéarla is cúis leis :)

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 18 Nov 2012 6:38 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Lughaidh wrote:
Quote:
B'fhéidir i mBéarla go ginearálta deirtear "sí" nuair a bhfuilid á dtagairt do bhád nú long nú carr.

úsáidtear "sí" le tagairt do bhád i dToraigh, más buan mo chuimhne, agus creid mise, is í Toraigh an áit is Gaelaí in Éirinn :mrgreen: chaith mise cupla uair a' chloig ann agus char chualaidh mé Béarla ann agus bheadh na déagóirí a' labhairt Gaeilge le chéile, rud nach ndéanann na déagóirí ins na Gaeltachtaí eile do ghnáth, dar liom, nó níl a' Ghaeilg "cool", tá's agad. Cibith, má deirtear "sí" sa chás sin i dToraigh chan é tionchar a' Bhéarla is cúis leis :)

;) :LOL:

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 

All times are UTC

Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot] and 713 guests

You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group