Lughaidh wrote:
ní dóigh liomsa go mbraitheann beatha na teangtha ar rialtas ná ar na scoltacha. Cha bhíonn an chuid is mó do na páistí scoile ábalta Gaeilg a labhairt i ndiaidh daofa 'n Leaving Cert a dhéanamh, mar sin chan athróchadh sé mórán, dar liom. Braitheann beatha na Gaeilge ar na daoiní ar mian leofa í a dh'úsáid, sin an méid...
Tuigim go maith thú a Lughaidh ach ní hé sin an scéal iomlán dar liom. Cuir i gcás, tá na coláistí samhraidh iontach tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta mar theacht isteach airgid agus mar fhostaíocht. Gan an Ghaeilg bheith mar ábhar éigeantach don ardteist, bheadh laghdú tubaisteach ar líon na mac léinn ag teacht chuig na Gaeltachtaí. Is é an toradh a bheidh air seo nó go mbeidh níos mó daoine ag imeacht ón Ghaeltacht lena gcuid a shaothrú áit inteacht eile, agus lagú mór eile ag teacht ar an Ghaeltacht go ginearálta.
Mick wrote:
I don't think I'm the only person who is afraid to agree to ANY government plan. If we give them an inch, they'll take a mile.
Tá a fhios ag Dia orm go bhfuil an ceart ar fad agat fá sin!