patrickjwalsh wrote:
Nílim róchínnte cathain agus cá háit is féidir leat "uim" a dh'úsáid. Is é rud a cheapainnse ar dtúis ná go n-úsáidfí "uim" roim chunsan chaol, ach tá "uim Shadhbh" agus "uim an am san" ann sa litríocht, agus b'fhéidir gur minicí a chífí (nú a cloisfí) uim ná um - ach roim "tráthnóna" is um, gan dabht, b'fhéidir de bhárr gutha deiridh a sheasamh sa chéad siolla den fhocal?
Níl '
uim' in FBG in aon chor. An rud stairiúil é nó foirm den fhocal a bhaineann le canúint áirithe?
FGB:
Um Shionainn -
by the banks of the Shannon Ar aon chuma, mar a dúradh cheana, cuireann
um séimhiú ar fhocal nuair is féidir, mar a dhéanann formhór na réamhfhocal simplí.