It is currently Thu 02 Jul 2026 1:11 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 5 posts ] 
Author Message
PostPosted: Wed 17 Apr 2013 5:28 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Apr 2013 3:32 pm
Posts: 3
Conas atá sibh gach éinne? Faoi láthair táim ag rith cainéal youtube as gaeilge amháin mar gheall ar chluichí ríomhaireachta agus gach saghas rud eile.

www.youtube.com/codasgaeilge

Chruthaigh mé an cainéal chun taispeáint do dhaoine óga na tíre, go háirithe, go féidir Gaelainn a úsáid go laethiúil i slí go féidir linn beagánín spraoi a bheith againn ag an t-am céanna. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta an chéad gliún eile a spreagadh chun a dteanga dúchais a labhairt.

Seo sampla don ghnáth saghas fís a dhéanaim http://www.youtube.com/watch?v=jG4rg3v19Ww

Ach muna bhfuil suim agat i gcluichí ríomhaireachta déanaim físeanna eile mar gheall ar topicí éagsúla ar nós.."Cad é an pointe Gaelainn a labhairt" http://www.youtube.com/watch?v=bw_mLx9nrXg

Chomh maith, chonaic TG4 mo chainéal agus thugadar cuireadh dom teacht ar an teilifís chun labhairt mar gheall ar an gcainéal. Ta an fís sin anseo! http://www.youtube.com/watch?v=3HebJKC9v60

Chomh maith táim ag rith blog ina chuirim transcripts na físeanna ar fad ar fáil as Gaeilge d'éinne atá ag foghlaim. Nílim tar éis gach fís a dhéanamh fós ach déanfaidh mé nuair a bheidh am agam
http://codasgaeilge.blogspot.ie/2013/03 ... -snag.html

Pé scéal e, theastaigh uaim é seo a chuir anseo i gcóir aon duine go mbeadh suim acu bualadh isteach agus féachaint ar chúpla fís. Níl faic i gcainéal youtube ach duine ag caint leis féin muna bhféachann aon duine ar na físeanna mar sin cabhraíonn gach duine a fhéachann ar mo chuid físeanna go mór linn!

Chomh maith, má tá aon aiseolas ag éinne anseo ba bhreá liom é a chloisint. Bhíos ag smaoineamh fotheidil Béarla a chur ar gach fís ach n'fheadar, b'fhearr liom an méid is lú Béarla a úsáid. Ach fós bíonn an-chuid daoine i Meiricéa agus sa Spáinn ag féachaint ar mo fhíseanna agus tá siad fós ag foghlaim mar sin b'fhéidir go smaoineamh maith is ea é? N'fheadar, cad a cheapann sibhse?!

Go raibh maith agaibh as éisteacht!


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 17 Apr 2013 7:28 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3594
Location: An Astráil
Fáilte romhat isteach sa bhfóram. :wave:

Maith thú ! Tionscadal an-suimiúil ar fad ! :good:

_________________
Múinteoir Gaeilge - Irish Teacher
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect, but I can also speak Ulster and Munster Irish with native-level pronunciation.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), Gaeilic Uladh (GU), Gaelainn na Mumhan (GM), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 17 Apr 2013 8:53 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Apr 2013 3:32 pm
Posts: 3
Breandán wrote:
Fáilte romhat isteach sa bhfóram. :wave:

Maith thú ! Tionscadal an-suimiúil ar fad ! :good:


Go raibh míle! Sea ní raibh a fhios agam go raibh an forum seo fiú ann go dtí cúpla lá ó shin. Bainfidh mé bús as...mar a deirtear i gCuige Mumhan


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 17 Apr 2013 9:31 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3444
Location: Cill Dara
Tá fáilte romhat! :wave: Bíonn tú gnóthach!
GaeilgeAmhain wrote:
Sea ní raibh a fhios agam go raibh an forum seo fiú ann go dtí cúpla lá ó shin.
Cá chuala tú fúinn?

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 17 Apr 2013 11:23 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Apr 2013 3:32 pm
Posts: 3
Saoirse wrote:
Tá fáilte romhat! :wave: Bíonn tú gnóthach!
GaeilgeAmhain wrote:
Sea ní raibh a fhios agam go raibh an forum seo fiú ann go dtí cúpla lá ó shin.
Cá chuala tú fúinn?

Hmmm....tá bróm ach ní féidir liom samoineamh cén áit, ach is dóigh go bhfaca rud éigean nascadh leis an suíomh ar twitter.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 5 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot] and 337 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group