Quote:
Oscall, nach é sin Oscaill, no? Ascaill ins an caighdeán?
Is rud ana-shuimiúil é sin.
I gCúige Mumhan (agus, b'fhéidir, ins na cúigí eile), i ndeireidh na naonú haoise déag agus i dtosach na fichiú haoise, bhí mórán focal go raibh an t-ainmneach bunaidh acu fós.
Ach, le h-imeacht aimsire, d'athraigh an nós labhartha na Gaelainn, agus tosnaíodh úsáid a bhaint as an bhfoirm thabharthaigh.
Mar shampla:
Aimsear -> Aimsir
Glún -> Glúin (i lár na naonú haoise déag)
Mumha -> Mumhain (ach, gan amhras, tá a lán daoine fós a deir "Mumha".)
Sionann -> Sionainn
Sciamh -> Scéimh
Oscall -> Oscaill
Is minic go bhfeicfir an t-ainmneach bunaidh i Séadna.
Quote:
somthing- "something"
"D' iarraidh sé an ualach a thógadh le lán chroí "I (He) tried to lift the load with all his heart"
D' iarraidh sé an t-ualach a (thógaint

) (lena lánchroí/ le lán a chroí

) "He tried to lift the load with all his heart.

Go raibh míle maith agat! Deiseod na botúin sin anocht!
Quote:
Maidir leis an séimhiú ar "tábhachtach", an mbíonn séimhiú ann do ghnáth nuair athá' n focal roimis fé thionchar an Tuisil Tabharthaigh agus a críochnaíonn ar ghuta leathan?
I gCorcaigh, cuirtear séimhiú ar an aidiacht ins an tuiseal tabharthach nuair a cuirtear séimhiú nó urú ar chéad chonsan an ainmfhocail. pé 'cu ainmfhocal baineann nó ainmfhocal fireann é. I gCiarraí cuirtear séimhiú ar an aidiacht ins an tuiseal tabharthach más aidiacht bhaineann í.
Quote:
' bhfuil 's agat an é "fé thionchar an Tuisil Tabharthaigh" nú "fé thionchar an Tuisil Tabharthach" nú "fé thionchar an Tuiseal Tabharthaigh" an fhoirm cheart?
Chímse an trí shaghas acu? An bhfuilid go léír i gcirt? ' bhfuil 's agat Dé Cheann acu is comónta nú coitianta i gCorcaigh nú i gCúige Mumhan?
Im' thuairim, Is iad
fé thionchar an Tuisil Tabharthaigh agus
fé thionchar an Tuisil Tabharthach na foirmneacha a chloisir níos minicí, agus tá an dá abairt sin i gcirt a bheag nó a mhór. Mar sin féin, is í abairt cheart de réir an ghramadaigh traidisiúnta agus abairt is coitianta ná an abairt ina bhfuil an t-animfhocal agus an aidiacht ins an tuiseal ginideach, "fé thionchar an Tuisil Tabharthaigh". I dtaobh an tarna habairte, is minic ná bainid na cainteoirí óga úsáid as fhoirm ghinidigh an aidiachta.
Ach, i dtaobh na tríú habairte, tá sí mí-cheart im' thuairim.