Tá sé beagnach chugainn, faoi dheireadh! Beidh an leagan Gaolainne de Game of Thrones á eisiúint ag deireadh na seachtaine seo, agus ócáid eagraithe i mBÁC oíche Dhéardaoin mar chuid d'IMRAM ina léifear giotaí den aistriúchán nua agus ceol is ealaín á dtaispeáint san amharclann ina theannta. Táimse ar bís!
Seo thíos písíní beaga a cuireadh amach go dtí seo:
DAINÍ (DANY):Thug Irri ubh na blaoisce dúghlaise chuici, í breac le gainní umhaghlasa a lonraigh agus an ubh á casadh ina lámha beaga aici. Chuach Dainí í féin ar a cliathán, ag tarraingt an ghaineamhshíoda thairsti agus ag muirniú na huibhe sa chuas idir a bolg ataithe agus a cíocha beaga boga. Thaitin sé léi iad a choimeád mar sin. Bhíodar chomh hálainn sin, agus uaireanta bhraith sí níos láidre leo, thug siad misneach di, amhail is go raibh neart á tharraingt aici ó na dragain cloiche dúnta laistigh.
Bhí sí ina luí ansin, i ngreim san ubh, nuair a bhraith sí an leanbh ag bogadh inti…amhail is go raibh sé ag síneadh i dtreo na huibhe, i dtreo dearthár, fuil a chuid fola. “Is tusa an dragan,” arsa Dainí i gcogar leis, “an fíordhragan. Tá a fhios agam é. Tá a fhios agam é.” Agus rinne sí meangadh, agus thit ina codladh ag smaoineamh ar an mbaile.
AIRIA (ARYA):“
Seo Chugainn an geimhreadh,” arsa Airia i gcogar. “Agus is ionann sin agus cruatan géar fuar,” arsa a hathair léi. “Fuaireamar blaiseadh de ar an Trírinn, a stór, nuair a thit Bran. Rugadh sa Samhradh Fada thú, a stóirín, níl cleachta agat ar aon rud eile, ach anois seo chugainn an geimhreadh go fírinneach. Cuimhnigh ar shuaitheantas ár dteaghlaigh, a Airia.”
SEÁN (JON):"An struchtúr is mó dár thóg lámha an duine,
" a dúirt Beineán Stairc le Seán ar Bhóthar an Rí an chéad uair a fuaireadar spléachadh ar an Múr i gcéin. “Agus gan amhras an struchtúr is díomhaoine,” a dúirt Tirian Lanastair de dhraidgháire, ach tháinig tost ar an abhac, fiú, agus iad ag druidim níos gaire dó. Bhíothas in ann an balla a fheiceáil na mílte ó láthair, líne gheal ghorm ar fhíor na spéire ó thuaidh, ag síneadh soir siar, gan a dheireadh le feiceáil ar cheachtar den dá thaobh, balla ollmhór gan scoilt. Is é seo imeall an domhain, a thug sé le fios, de réir dealraimh. Nuair a chonaic siad Caisleán an Duibh uathu, faoi dheireadh, bhí a chuid dúnta adhmaid is túr cloiche mar a bheadh bréagáin gasúir scaipthe sa sneachta, faoi scáth an bhalla ollmhóir oighir. Níorbh aon Gheimhsceird daingean ársa na mbráithre dubha. Ní fíorchaisleán a bhí ann ar chor ar bith. In éagmais ballaí, ní fhéadfaí é a chosaint, ón deisceart ná ón oirthear ná ón iarthar; ba leis an tuaisceart amháin a bhain Faire na hOíche, agus ba ó thuaidh a d’éirigh an Múr. Bhí sé beagnach seacht gcéad troigh ar airde, trí huaire níos airde ná an túr ab airde sa bhréagchaisleán thíos faoi.
Dúirt a uncail go raibh an barr leathan a dhóthain chun go ndéanfadh dosaen ridire armáilte marcaíocht le taobh a chéile. Sheas fíoracha ollmhóra na gcrann tabhaill agus na gcrann tógála adhmaid ar faire thuas ann, mar chreatlacha éin san ainmhéid; fir in éide dubh ag siúl eatarthu, agus iad chomh beag le seangáin.
Agus é ina sheasamh lasmuigh den armlann ag amharc suas, bhraith Seán beagnach chomh traochta céanna is a bhraith sé an lá sin ar Bhóthar an Rí, nuair a chonaic sé den chéad uair é. B’in mar a bhí an Múr. Dhéanfadh sé dearmad in amanna go raibh an balla ann ar chor ar bith, sa chaoi a ndéanfá dearmad ar an spéir nó ar an talamh faoi do chois, ach bhí uaireanta eile ann nuair ba chosúil nach raibh tada ar an domhan ach é. Bhí sé níos sine ná na Seacht Ríocht
a, agus nuair a sheasadh Seán faoi agus nuair a d’fhéachadh suas, chuireadh sé meadhrán air. Bhí sé in ann meáchan ollmhór an oighir sin ar fad a bhrath ag brú anuas air, amhail is go raibh sé ar tí titim, agus ar dhóigh éigin bhí a fhios ag Seán dá dtitfeadh sé, go dtifeadh an domhan leis.
It could do with a bit of proof-reading.