Redwolf wrote:
Heard/seen on Facebook
Baile Átha Cliath. Lár na Cathrach sa bhliain 1901:
D'éirigh Máire Bean Uí Mhurchú go luath agus díreach léi chuig seomra a hiníne.
"Cad a cheap tú faoin bhfear nua aréir a stóirín?" ar sise.
"Oh a Mhamaí, nílim cinnte. Tá sé deas go leor i slí amháin, ach i slí eile, nílim cinnte" arsa Úna.
"Bhuel tá post aige. Tá airgead aige. Tá sé mór, óg, singil agus tá cuma an-deas air" arsa a Mháthair.
"Tá an ceart agat is dócha, a Mhamaí, ach ag an am céanna, tá eolas aige ar a lán amhrán driúisiúil. Gach amhrán salach, pornograificeach ar domhain. Tá gach bhéarsa de gach droch-amhrán ar eolas aige."
Chuir sé seo isteach ar Mhamaí. "Agus an raibh sé ag canadh na n-amhrán sin nuair a bhí sé amuigh leatsa ?"
"Ní raibh - ach bhí siad á bhfeadaíl aige!"

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.