Jay Bee wrote:
Jab maith atá air (leis an bhfuaim) ach niltear an cló a fhéachaint!
An font mí-cheart. Ní hé is fearr alraight.
Saoirse wrote:
Bríd Mhór wrote:
I came across this online, what do you think?
http://www.youtube.com/watch?v=otMq4hbtM20 
Na Focla -
Amhrán Mhuighinise / Mhuínse
Dá mbéinn trí léige i bhfairraige nó ar shléibhte i bhfad ó thír, Is gan aon neach beo i mo ghaobhar ach an raithneach ghlas is fraoch, An sneachta dhá shéideadh aduaidh orm is an ghaoth dhá fhuadach dhíom, 'S mé bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, níorbh fhada liom an oích'.
'S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé? Tá an geimhreadh seo a' tíocht fuar. 'S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas an teach seo 's a bhfuil ann? Nach é an trua anois mé bheith ag scarúint libh ar thíocht na huaire bhreá, is nuair a bhéas an chuach ag goiriúint is an duilliúr glas ag fás.
Gearraidh amach mo chónra dhom as fhíorscoth geal na gcláir, 'S má tá Seán Ó hEidhin i Muighinis, bíodh sé déanta óna láimh; Cuiridh mo hata 's mo ribín síoda orm 's iad go rí-dheas ar mo cheann, Agus triúr ban óg ón tsléibhe le mé a chaoineadh os cionn cláir.
Is má bhíonn mo chlann sa mbaile a'm an oíche bhfaighidh mé bás, Go dtorróidís go groíúil mé trí oíche 'gus trí lá Beidh na píopaí geala cailce acu, 's na ceaigeannaí 's iad lán, 'S tiúrfaidh Páidín Mór go Muighinis mé, nó is olc a bhéas an lá.
'S ag gabháil siar go Inse Ghainimh dhom beidh farraigí ag éirí ard, Ná cuiridh i Leitir Caladh mé mar ní ann atá mo dhream, Ach tugaidh siar go Muighinis mé, san áit a gcaoinfear mé go hard; Beidh na soilse ar na dúchannaí, 's ní bheidh uaigneas orm ann.