Les voici -
Tomhais.
Siúd é chugam tríd an lochán
Seán Ó Lapáin.
Dhá chois chama siar as a thóin
Is dhá shúil ghlóracha i gcúl a chinn.
Freagra. - Frog
Tomhais.
Chuaigh mé siar is aniar an bóthar
Is fuair mé an rud nach raibh mé a iarraidh.
Shuigh mé síos agus chuardaigh mé
Is nuair a chuaigh mé abhaile is ea fuair mé é.
Freagra. - Dealg
Tomhais.
Téann sé isteach ar ghuaillí daoine
Is téann sé amach chomh mín le síoda.
Freagra. - Móin
Tomhais.
Ceithre chos ar talamh,
Dhá chois ar talamh
Ceann le tóin agus tóin le talamh.
Freagra. - Duine ag bleán bó (there are other versions of this in English, Italian and Provençal that I know of)
Tomhais.
Chuaigh beirt de mhuintir Chró
Ag baint slat lá ceo.
An tslat a bhaineadar, chaitheadar uathu í
Agus an tslat nár bhaineadar, thugadar leo í.
Freagra. - Dhá phréachán á bpiocadh féin.
Tomhais.
Tá sé an-bhreá
Tá sé buí ina lár
A sciatháin bán
Agus gan faoi ach aon chos amháin.
Freagra. - Nóinín
(In the book there are pictures that go with each riddle, so it's easier to guess the answers)
Slán go fóill
franc
