Hi, Brian. Sorry for the delay. Members of the forum live in many different parts of the world and it may take a day or two to get responses.
Please wait for a native speaker or two to weigh in before taking my advice, but here are my impressions:
Briain786 wrote:
Mary: Fáilte ó chroí romhaibh go léir chuig bainis Bhriain agus Phóil. Is mise Mary agus beidh mé ag feidhmiú mar cheiliúraí ar an ócáid iontach seo.
Móideanna Pósta
Mary: Agus anois iarrfaidh mé ar Bhriain agus ar Phól a móideanna a thabhairt dá chéile os ár gcomhair ar fad.
Mary: A Bhriain, roghnaigh tú Pól mar d’fhear céile. An mbeidh grá agus meas agat air? An mbeidh tú ionraic leis go deo? An seasfaidh tú leis, cibé rud atá i ndán daoibh?
Briain: Beidh, beidh agus seasfaidh! [tá a fhios agam go bhfuil seo beagán beag seafóideach, ach is maith liom é]
Mary: A Phóil, roghnaigh tú Briain mar d’fhear céile. An mbeidh grá agus meas agat air? An mbeidh tú ionraic leis go deo? An seasfaidh tú leis, cibé rud atá i ndán daoibh?
Pól: Beidh, beidh agus seasfaidh!
Malairt na bhFáinní
Mary: A Phóil agus a Bhriain, thug sibh bhur móideanna os comhair bhur muintire agus os comhair bhur gcairde. Iarraim oraibh anois fáinní a mhalartú, mar chomhartha deireanach bhur ndílseacht buaine dá chéile.
Briain: Thug tú an fáinne seo dom bliain, 6 mhí agus 6 lá ó shin. Tugaim ar ais duit inniu é, le gáire ‘s le gol, le meas ‘s le grá.
Pól: Thug tú an fáinne seo dom bliain, 6 mhí agus 7 lá ó shin. Tugaim ar ais duit inniu é, le gáire ‘s le gol, le meas ‘s le grá.
Fógra
Mary: ... Is féidir libh póg a thabhairt dá chéile!
Críoch
Mary: Go raibh míle maith agaibh as ucht teacht! Tugaimis bualadh bos do Bhriain agus do Phól!
The blue parts are suggestions rather than corrections.
I don't think you need
ar fad -
os ár gcomhair should be enough.

I think it would be better to repeat
os comhair between
muintire and
cairde.
As I said, be sure to wait for native input.
Comhghairdeas libh agus go maire sibh an lá agus bhur saol nua.
