It is currently Tue 21 Apr 2026 7:11 pm

All times are UTC

Forum rules

Please click here to view the forum rules

Post new topic Reply to topic  [ 2 posts ] 
Author Message
PostPosted: Thu 27 Sep 2012 12:41 pm 
Offline

Joined: Sat 22 Sep 2012 5:40 pm
Posts: 157
Cad é mar atá sibh? B'fhéidir go mbeidh suim ag cuid agaibh san eolas a leanann...

Má tá fón cliste Android agat, thig libh téacsáil thuarthach i nGaeilge a úsáid anois agus tú ag scríobh teachtaireachtaí SMS nó ríomhphost, nó pé rud eile a mbíonn tú a scríobh ar an fhón. Tá sé iontach áisiúil dar liomsa, ach b'fhéidir rud beag ró-chaighdeánach do dhaoine áirithe i bhur measc! :D

Ar scor ar bith, caithfidh tú 'Multiling Keyboard' a shuitseáil (saor in aisce), agus i ndiaidh sin an foclóir Gaeilge ('Honso plugin Irish Gaeilge' a dtugtar air) agus sin é – tá tú réidh le bheith ag scríobh!

https://play.google.com/store/apps/deta ... .ime.latin
https://play.google.com/store/apps/deta ... 2luLmdhIl0.

Beidh bog-earra méarchláir amháin eile (ceann é nach saor in aisce, ach ní ró-chostasach ach an oiread) ar fáil roimh i bhfad. 'Swiftkey' an t-ainm atá air agus de réir dealraimh is rud éifeachtach go leor.

https://play.google.com/store/apps/deta ... nRrZXkiXQ..

Chomh maith le sin, le fón cliste Samsung (Galaxy is a leithéid), bíonn rogha agat an Ghaeilge a úsáid mar phríomh-theanga do chomhéadan an fhóin fosta. Leis sin uilig, beidh fón breá Gaelach agat!

Más úsáideoir Linux thú, tá an chuid is mó den chóras oibriúcháin ar fáil as Gaeilge, Firefox, Thunderbird, Libreoffice (mar aon le litreoir Gaeilge) agus cuid mhór bogearraí eile san áireamh sa dóigh is gur féidir saol sona ríomhaireachta trí Ghaeilge go hiomlán a bheith agat fosta.

Más úsáideoir Twitter thú tá tionscadal ar siúl chun an tseirbhís sin a aistriú go Gaeilge. Caithfidh tú clárú anseo: http://translate.twitter.com/welcome . Déanfar an aistriúchán de réir a chéile ach faoi láthair tá aistriú déanta ar gach uile fhrása cheana féin. Níl le déanamh anois ach vótáil ar na haistriúcháin is fearr chun aistriúchán maith is seasmhach a chinntiú. Ní úsáideoir mise i ndáiríre ach tá mé páirteach san aistriúchán ar aon nós.

Oh, agus rud amháin eile, beidh foclóir nua Béarla-Gaeilge ar fáil ar líne roimh dheireadh na bliana seo – anseo: http://www.focloir.ie

Le gach dea-mhéin,

An Braonach

Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 26 Aug 2014 1:41 pm 
Offline

Joined: Tue 26 Aug 2014 1:33 pm
Posts: 1
AnBraonach wrote:

_______________________________________________________________________________________________________
An bhfuil aip maith ann le Gaeilge mar "user language" an fhóin, ar fáil ar android 4.3 (Sony Xperia M)?

Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 2 posts ] 

All times are UTC

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 418 guests

You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group