It is currently Mon 10 Dec 2018 7:45 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 38 posts ]  Go to page 1, 2, 3, 4  Next
Author Message
 Post subject: Noun practice (GM)
PostPosted: Sun 29 Jul 2012 8:23 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1171
For lá:

Tugann m'athair euro dom sa ló = My Dad gives me a euro every day.

ló is the old dative. You hear it still in set phrases in Munster like "sa ló" = per day.


Fuinneog:

Nominative singular (ainmneach uatha): Do briseadh an fhuinneog = The window was broken.
Nominative plural (ainmneach iolra): Do cheannaíos na fuinneoga ó bhean Sheamais = I bought the windows from Seamas' wife.
Genitive singular (ginideach uatha): Táim ag deisiú na fuinneoige = I'm fixing the window.
Genitive plural (ginideach iolra): A Sheáin!, Tá sé ag gadaíocht na bhfuinneog = Seán! He's stealing the windows.
Dative singular (tabharthach uatha): Do chaith sé an chloch tríd an bhfuinneoig = He threw the stone through the window.
Dative plural (tabharthach iolra): Tair ósna bhfuinneoga (nó, ósna bhfuinneogaibh) = Come away from the windows!

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice
PostPosted: Sun 29 Jul 2012 10:52 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1482
Dative singular (tabharthach uatha): Do chaith sé an chloch tríd an bhfuinneoig = He threw the stone through the window.
Dative plural (tabharthach iolra): Tair ósna bhfuinneoga (nó, ósna bhfuinneogaibh) = Come away from the windows![/quote]

sa ló :good:

Táim ag deisiú na bhfuinneog, tagann an tuiseal ginideachi bhfeidhm nuair a bhíonn "ing" an Bhéarla i gceist m.sh ag siubhal/ siúl na sráide - walking ach thá sé i gcirt níos déanaí agat!

Tar ós na fuinneogaibh- Ní chuirtear urú ar fhocalaibh athá fé thionchair an Tuisil Tabharthach iolra

ag an bhfear
ag(es) na fearaibh

Do chaith sé an chloch tríd an bhfuinneoig :good: . Caolaítear focail a bhíonn fé thonchair an Tuisil Tabharthach, ón ngréin, i gcéin, fén mboird....srl

trí- úsáidtear tré i gCuige Mumhan chomh maith in ionad trí

tré'n nú tréd an bhfuinneoig
tres na fuinneogaibh

An Buachaill:

Do bhagair/ Do Chiomáin an buachaill na caora anuas ós na sléibhtibh- The boy drove/ herded the sheep from the mountain

Do bhí na buachaillí ag imirt iomána ar an bhfaiche- The boys were playing hurling on the lawn

Sin hata an bhuachalla- thats the boy's hata

Carr na mbuachaillí- the boys' car

Chuireadar pionóis ar an mbuachaill noch ní raibh a obair bhaile déanta aige in am- The boys were punished because they didn't have their homework done in time.

Do bhí ar na buachaillí(ibh) fuireach(t)/ fanacht ar scoil ar choimeád chun smacht a chuir ortha- The boys had to stay in school on detention in order to discipline them.

leaba/ leabaidh- bed

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice
PostPosted: Mon 30 Jul 2012 11:28 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1171
An Cionnfhaolach wrote:
Táim ag deisiú na bhfuinneog, tagann an tuiseal ginideachi bhfeidhm nuair a bhíonn "ing" an Bhéarla i gceist m.sh ag siubhal/ siúl na sráide - walking ach thá sé i gcirt níos déanaí agat!

Do chonac é tar éis a scríofa dom agus do cheartaíos é chomh tapaidh is féadfainn! :D

Quote:
Tar ós na fuinneogaibh- Ní chuirtear urú ar fhocalaibh athá fé thionchair an Tuisil Tabharthach iolra

Níor thugas fé ndeara riamh é! Go raibh míle maith agat!

Quote:
trí- úsáidtear tré i gCuige Mumhan chomh maith in ionad trí

I gCorcaigh, baintear úsáid as "tríd an" san uimhir uatha, ach "trés na" san uimhir iolra. (Ar a laighead, is é sin a h-iniseadh dom)

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Last edited by An Lon Dubh on Mon 30 Jul 2012 12:38 pm, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Mon 30 Jul 2012 11:51 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3500
Location: An Astráil
I think this fascinating discussion of Munster cases has strayed away from Saoirse's original intention and is deserving of its own thread so I have split it off for you. Feel free to continue your discussion here. :wave:

_________________

WARNING: Intermediate speaker - await further opinions, corrections and adjustments before acting on my advice.
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice
PostPosted: Mon 30 Jul 2012 5:51 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1482
An Lon Dubh wrote:
I gCorcaigh, baintear úsáid as "tríd an" san uimhir uatha, ach "trés na" san uimhir iolra. (Ar a laighead, is é sin a h-iniseadh dom)


An eadh, thá go maith. An n-úsáidtear tré in ionad trí nuair ná bíonn "an" ann m.sh

tré sholais



tri sholais?

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Tue 31 Jul 2012 7:48 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1171
Quote:
An n-úsáidtear tré in ionad trí nuair ná bíonn "an" ann m.sh

Úsáideann.

Seo thíos an scéal:

tré - gan an t-alt

trés - roimh an t-alt iolra (na)

ach "trí" i gach cás eile:

tríd an
tríom, tríot, trí,....
tríom, tríod, trína,...

leaba:

Nominative singular (ainmneach uatha): Teanam ort, Ní foláir dúinn leaba(leabaidh) Dhiarmada a thógadh.
Nominative plural (ainmneach iolra): Féach!, Tá na leapacha dóite! Cé hé an bithiúnach a dhein é?
Genitive singular (ginideach uatha): A Shiobhán! Ar bhrisis cos na leapan?
Genitive plural (ginideach iolra): Aililiú! Do cheannaíobhair céad leapacha? Cad uime?
Dative singular (tabharthach uatha): D'airíos fothram mór agus mé ar mo leabaidh.
Dative plural (tabharthach iolra): Fanaidh ar úr leapacha (leapachaibh) féin!

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Wed 01 Aug 2012 12:20 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1482
An Lon Dubh wrote:


leaba:

Nominative singular (ainmneach uatha): Teanam ort, Ní foláir dúinn leaba(leabaidh) Dhiarmada a thógadh.
Nominative plural (ainmneach iolra): Féach!, Tá na leapacha dóite! Cé hé an bithiúnach a dhein é?
Genitive singular (ginideach uatha): A Shiobhán! Ar bhrisis cos na leapan?
Genitive plural (ginideach iolra): Aililiú! Do cheannaíobhair céad leapacha? Cad uime?
Dative singular (tabharthach uatha): D'airíos fothram mór agus mé ar mo leabaidh.
Dative plural (tabharthach iolra): Fanaidh ar úr leapacha (leapachaibh) féin!


[quote="An Lon Dubh"]

Go raibh maith agat as tré/ trí a mhíniú dhom id' cheantair fhéinig- ana shuimeamhail ar fad!

Úsáidimid tríom... srl chomh maith.

Thá Gaolainn don gcéad scoth agat!

Leapaidh/ leabaidh in ionad leaba an chaighdeáin
An bhfuilir it' chónaighe i cCiarraidhe nú i cCorcaigh nó thar loch amach/ thar lear?

Teanam ort- come away out of that? Gaodhaluing Chiarraidhe ' bhfuil an ceart agam?- come away out of that?

Ní foláir- in ionad caithfidh- must, ana chotianta mar fhrása i gcuige Mumhan

Tuiseal ginideach uatha "leapan" in ionad leapa an chaighdeáin :good:

D' Airíos seachas- chuala mé- Úsáidimidne Aireachtaint ar uairibh seachas/ siochas clois chomh maith (corcaigh/ Port Lairge) ach níl clois neamhchoitianta ach an oiread i cCiarrraidhe- N' fheadar an n- úsáidear areachataint seachas cloisint i gCiarraidh in aon chor, Nínim/ Nílim cinnte.

Dhein seachas "Rinne" an chaighdeáin

fanaidh seachas an caighdeán fanaigí

Ceannaíobhair (cheannaigh sibh)

Tháid san samplacha do shár- Ghaodhalaing na Mumhan

Acht thá dhá cheist agam dhuit:

Cad uime an gciallaíonn sé sin " for what"- cosamhail le cad chuige?

Céad leapacha- 100 beds: De ghnáth tagann an uatha i ndiaidh na n-uimhreacha- dhá chistin/... srl
ach ansan bíonn eisceachtaighe ann chomh maith m.sh ocht seachtmhainighe/ seachtainí nú troigh- dha troithe an bhfuil leapa mar chuid don "gclub eisceachtúil" san?

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Wed 01 Aug 2012 4:05 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1171
Quote:
Thá Gaolainn don gcéad scoth agat!

Go raibh míle maith agat, agus feicim "don gcéad", le urú. An bhfuil Gaelainn Chorca Dhuibhne agat? (nó Gaolainn na Rinne, b'fhéidir?)

Quote:
An bhfuilir it' chónaighe i cCiarraidhe nú i cCorcaigh nó thar loch amach/ thar lear?

Táim im' chónaighe i mBaile Átha Cliath anois, ach is as Cill Dara dom agus is as Ghaeltacht Mhaigh Eo dom' sheanmhathair ach do chuaigh
m'aintín go Colaiste Gaelainne i Mumhain agus tá Gaelainn na Mumhan aigeam' bhean (cainteoir dúchais a seanmháthair leis), agus tá
Gaelainn na Mumhan agam mar gheall air sin. (Ina theannta san, Tá a lán úrscéal agus litríochta ag Gaelainn na Mumhan). Ar ndóigh
téim ar chuaird chun Mumhan go minic, Corca Dhuibhne agus Músgraí.

Quote:
Cad uime an gciallaíonn sé sin " for what"- cosamhail le cad chuige?

Is ionann an frása úd "Cad uime" agus "cad chuige". Níl aon difríocht eatarthu. (Ar a laighead i nGaelainn Chorcaí)

Quote:
Teanam ort- come away out of that? Gaodhaluing Chiarraidhe ' bhfuil an ceart agam?- come away out of that?

Do dhearúdas an fada. Is é "Téanam ort" an frása ceart.

Téanam ort = "come along" i mBéarla.
Is féidir gach foirmeacha den réamhfhocal a úsáid: "Téanam oraibh, srl.

Ach, seachas an frása so, tá an briathar "Téan" marbh i gGaelainn Chorcaí.

Quote:
Céad leapacha- 100 beds: De ghnáth tagann an uatha i ndiaidh na n-uimhreacha- dhá chistin/... srl
ach ansan bíonn eisceachtaighe ann chomh maith m.sh ocht seachtmhainighe/ seachtainí nú troigh- dha troithe an bhfuil leapa mar chuid don "gclub eisceachtúil" san?

Tá an ceart agat, gan amhras. De réir an sheanghramadaigh, tháinig ginideach iolra tar éis na n-uimreacha fiche, céad agus míle agus is minic ná fuil aon difríocht idir an ginideach iolra agus an t-ainmneach uatha, ach is é "leapacha" ginideach iolra an fhocail "leabaidh".

An chéad fhocal eile:
Bean

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Last edited by An Lon Dubh on Tue 07 Aug 2012 10:02 am, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Thu 02 Aug 2012 8:50 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1482
An Lon Dubh wrote:
Go raibh míle maith agat, agus feicim "don gcéad", le urú. An bhfuil Gaelainn Chorca Dhuibhne agat? (nó Gaolainn na Rinne, b'fhéidir?)


Tháim fhéinig im' cónaighe i nEochaidhil/ Eochaill ach do dh' fhéadfhá a rá go bhfuil canmhaint/ canúint thaistealach agam óir agus mé ag freastal ar an mbunsgoil do bhí canmhaint na gCiarraigheach á fhoghlaim agam mar thá gach muinteoir ins an bunsgoil so againne ina gCiarraíbh. Do dh' fhreastalaigheas ar an meadhansgoil ansan agus do labhair gach muinteoir Gaeluinn na gCorcaíoch nú Gaolainn na sgol linn. Dheineas mo Theastas Sóisearach in Eochaill ach ansan do chuadhas ar sgoil ins an Rinn noch ní raibh an t- éileamh ann chun na n-ábhair go léir a mhuineadh tré mheán na Gaoluinne don Ardteist in Eochaill. Do ghreamaigh Gaoluinn na Rinne liom don gcuid is mó mar ní raibh sí chomh lobhaithe leis an gcaighdeáin nú Gaoluinn na sgol.

An Lon Dubh wrote:
Táim im' chónaighe i mBaile Átha Cliath anois, ach is as Cill Dara dom agus is as Gaeltacht Mhaigh Eo dom' sheanmhathair ach do chuaigh
m'aintín go Colaiste Gaelainne i Mumhain agus tá Gaelainn na Mumhan aigeam' bhean (cainteoir dúchais a seanmháthair leis), agus tá
Gaelainn na Mumhan agam mar gheall air sin. (Ina theannta san, Tá a lán úrscéal agus litríochta ag Gaelainn na Mumhan). Ar ndóigh
téim ar chuaird chun Mumhan go minic, Corca Dhuibhne agus Músgraí.


Thá do mhuinntir sáite ins an teangain mar san. Ins na lú- dachadaibh do bhí Eochaill ceapaithe le Gaeltachtaibh beaga- Baile Mhic Óide agus Cnoc an Óir, ach thá na Gaodhaltachtaí san imthithe anois.

An Lon Dubh wrote:
Is ionann an frása úd "Cad uime" agus "cad chuige". Níl aon difríocht eatarthu. (Ar a laighead i Gaelainn Chorcaí)


Níor áiríos cad uime riamh, rud nua dhom grma

An Lon Dubh wrote:
Do dhearúdas an fada. Is é "Téanam ort" an frása ceart.

Téanam ort = "come along" i mBéarla.
Is féidir gach foirmeacha den réamhfhocal a úsáid: "Téanam oraibh, srl.

Ach, seachas an frása so, tá an briathar "Téan" marbh i gGaelainn Chorcaí.


Nach truagh an sgéal é?

An Lon Dubh wrote:

Tá an ceart agat, gan amhras. De réir an sheanghramadaigh, tháinig ginideach iolra tar éis na n-uimreacha fiche, céad agus míle agus is minic ná fuil aon difríocht idir an ginideach iolra agus an t-ainmneach uatha, ach is é "leapacha" ginideach iolra an fhocail "leabaidh".


Sin fíoghar- shuimeamhail. Thá sé feicthe agam gur chuireadh an tuiseal tabharthach iolra iar/ t'réis na n- uimhreacha níos mó ná trí leis

trí bhuaibh seachas trí bhó srl... Ach i gCiarraí is minice a chuirtear "do" i ndiaidh na n- uimhreacha: trí do bhuaibh srl...

An Lon Dubh wrote:
An chéad fhocal eile:
Bean


ainmneach uatha: tagann an bhean ar chuaird chugainn uair amhain sa ló/ in aghaigh an lae.
ainmneach iolra: Is minic a bhíonn na mná i mbun comhráidh.
Ginideach iolra: Ní gheibheann caid na mban an t-aitheantas athá tuilte dhi.
Tabharthach uatha: Tháinig an nuaigheacht amach gur c(h)uireadh an dlighe ar mhnaoi a mharaigh a fear is iad i lár bruíne.
T.T iolra T.G uatha: Ins an seanashaoghail is iomdha a deineadh cleamhnas ar na mnáibh agus is iomdha do bhraith an cleamhnas san ar spréaidh na mná.

An chéad fhocal eile:
Cara

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Mon 06 Aug 2012 6:51 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1171
Cara:

Ainmneach uatha: Do chuaigh cara m'athar go Sasanna, tar éis a bhean a phósadh dó.
Ainmneach iolra: Chím mo chairde agus ceapaim go bhfuilid lántsásta leis an dtigh.
Ginideach uatha: A Cháit, cá bhfuil casóg mo charad? Do dhearúd sé aréir é.
Ginideach iolra: A fhir tabhairne, Táim ag lorg mo charad (mo chairde).
Tabharthach uatha: Féach!, Sin é an litir a fuair sé óna charaid.
Tabharthach iolra: Ná bíodh eagla oraibh! Tá sé ar dhuine dem' chairdibh (chairde).

An chéad fhocal eile:
Cailleach

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 38 posts ]  Go to page 1, 2, 3, 4  Next

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot], Majestic-12 [Bot] and 8 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
cron
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group