gealbhan wrote:
Dia daoibh go léir.
Is mise Gary (nu Gearóid mas fearr leat) agus is as baile Thiobraid Árann mé.
Táim ag marachtaint i Londúin na laethanta seo agus ba mhaith beidh liofa sa Gaeilige go mór mór i nGaeilge na Múmhan
Tá oiread díomá orm nach bhfuil mé líofa, tiosc go bhfuill mé beagnach seasca bliain d'aois agus rugadh agus tógadh in Eireann. Ach pe sceal é leanfaidh mé ar an slí.
I'm Gary (or Gearóid if you prefer) from Tipperary Town. I'm living in London and I would like to be fluent in Irish especially Munster Irish. I'm very disappointed not to be fluent because I was born and raised in Ireland and am nearly 60. But whatever I will continue the journey.
Feel free to correct me if my spelling or syntax are wrong.
Beir Bua
Fáilte 'dtí'n fóram a Ghearóid.
Is mise Cian agus labhraimse fhéineach/fhéinigh Gaoluinn na nDéise leis.
Ar dh'airís (chuala tú) trácht ar na saotharaibh "An gleann agus a raibh ann" le Séamus Ó Maolchaithigh, duine as an gCoisleán Nua Tiobraid Árann dob ea é, agus saothair Amhlaoibh Uí Shuil(l)eabháin, Ciarraíoch dob ea é súid ach do chuir sé fé i gCallainn sarar (sular) thit an droch-shaoghal orainn?
Ina dteannta san, thá Sean-chaint na nDéise 1 agus a 2. Do sgrígh an t-athair Uí Shíothcháin na leabharthacha so, ach do dh'éag sé sarar fhoilsíog an tara leagan dá shaothar, chuireag (cuireadh) i n-eagar é thar a chionn.
Saothar eile a bhaineann leis na Déisibh ná Leabhar Mhaidhc Dháith: Scéalta agus Seanchas ón Rinn.
Gan amhras thá eagsúlachtaí thall is abhus idir Ghaoluinn na Rinne/ an tseana-Phobail agus Ghaoluinn Thiobrad Árann ach is beag iad na difríochtaí 'thá eaturtha i ndáiríribh
edited: The Doegen Records:
This is a great resource it gives recordings of native Irish speakers. Here's 3 from Tipperary (unfortunately, the first one was destroyed en route to Germany).
http://doegen.ie/doegen/taxonomy/term/22074You can compare it with the rhythm, nuances and pronunciation of Waterford Irish and see how similar they are:
http://doegen.ie/doegen/taxonomy/term/21528'Sé do bheatha isteach aríst a charaid!
Cian
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)