It is currently Wed 15 Apr 2026 8:25 pm

All times are UTC

Forum rules

Please click here to view the forum rules

Post new topic Reply to topic  [ 20 posts ]  Go to page Previous  1, 2
Author Message
PostPosted: Wed 11 Jul 2012 4:54 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Ca'na thaobh a mbeadh orainn athchuinghe a sheoladh chun an riaghaltais? Ní leo an Ghaedhilg ach le lucht a labhartha. Ní cás leo í ach a oiread, de réir deallraimh.
Is mór an earráid í, dar liom-sa, bheith ag brath ar phoiliteoirí agus ar státseirbhísigh leas na teangan a dhéanamh.

ach cad é na focla (teicniceamhla srl) a theaghasctar ins na rangannaí Gaedhlice (ins na Gaedhealsgoltacha agus ins na sgoltacha eile)? Is iad na focla úra aisteacha sin iad, aistrighthe ón Bhéarla, chan na focla a úsáideas muitir na Gaedhealtachta.
Mar sin, ní leis an Riaghaltas an teangaidh... ach is é an Riaghaltas a shocras na rudaí sin ar aon nós...
Sin an fáth a dtiocfadh leis na daoiní athchuinghe a sheóladh chucu.

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 12 Jul 2012 3:04 am 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
Lughaidh wrote:

Thiocfadh leo ach bheadh coinne agam gur beag aird a thabharfaí uirthi. Bheadh sí sa bhosca brúscair i bprapadh na súl :)

Is truaighe gan córas litrighthe 'oifigeamhail' arbh fhiú é a dh'úsáid a bheith againn, ach ina éaghmais sin tá gach éinne saor diúltughadh do litriughadh an C.O. - rud a chítear dhom atá ag dul i gcoitcheanntacht ar an idirlíon.

Ceann des na fadhbanna is mó dá bhfuil ag an nGaedhilg is eadh an mhéid smachta atá ag an riaghaltas agus státseirbhísigh uirthi. Is an-mhinic aon rud a bhaineann le cultúr nó le hoidhreacht ina phraiseach acu.
Is é atá de dhíth orainn, sílim, ná eagras neamhspleádhach chumhachtach (cosmhail le l'Académie Française, b'fhéidir?) - a bheadh faoi stiúradh cainnteoirí dúthchais agus a mbeadh dlúthbhaint aige leis na Gaedhealtachtaí - a threoróchadh forbairt na teangan agus a dh'oibreochadh leis an Roinn Oideachais ar chóras múinte na Gaedhilge sa tír seo.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 12 Jul 2012 11:00 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Thiocfadh leo ach bheadh coinne agam gur beag aird a thabharfaí uirthi. Bheadh sí sa bhosca brúscair i bprapadh na súl :)

Is truaighe gan córas litrighthe 'oifigeamhail' arbh fhiú é a dh'úsáid a bheith againn, ach ina éaghmais sin tá gach éinne saor diúltughadh do litriughadh an C.O. - rud a chítear dhom atá ag dul i gcoitcheanntacht ar an idirlíon.

cá háit? chan fhacaidh mise ach cupla duine a sgríobh leis a' t-sean-leitriughadh. Cha ndéanamsa féin é, úsáideamsa 'n leitriughadh "simplidh" ach athram cupla rud nuair nach dtéid an leitriughadh úr le canamhaint Thír Chonaill.

Quote:
Is é atá de dhíth orainn, sílim, ná eagras neamhspleádhach chumhachtach (cosmhail le l'Académie Française, b'fhéidir?)

níl aon chumhacht ag an Académie Française. Chan éisteann duine ar bith leóbhtha. Ghníonn siad foclóir nach léigheann duine ar bith, agus molann siad athraigheannaí leitrighthe nach n-úsáideann duine ar bith. Gidh go bhfuil sé iontach casta agus go ndéanann a' chuid is mó do na Frainciseóirí meancógaí leitrighthe, char mhaith le mórán daoiní é a dh'athrughadh. Agus maidir leis an teangaidh féin, athrann an chainnt leis an "fhaisean" agus leis na rudaí a chluinntear ar an teilifís - Béarlachais agus meancógaí san áireamh.

Quote:
- a bheadh faoi stiúradh cainnteoirí dúthchais agus a mbeadh dlúthbhaint aige leis na Gaedhealtachtaí - a threoróchadh forbairt na teangan agus a dh'oibreochadh leis an Roinn Oideachais ar chóras múinte na Gaedhilge sa tír seo.

bheadh sé sin iongantach deas. Ach an bhfuil a fhios ag muitir na Gaedhealtachta gurb acu féin atá an teangaidh cheart? Síleam go bhfuil cuid mhór daoiní ann nach bhfuil a fhios acu, nó chan í a dteangaidh a theaghasctar ins na sgoltacha agus a léighthear in achan áit, ach Gaedhlic chaighdeánach... Húradh liom go dtabhrann páistí as a' Ghaedhealtacht "old Irish" ar chanamhaint na háite agus "new Irish" ar a' Ch.O. a tchíthear in achan áit agus a theagasctar daobhta ins na sgoltacha. Bheireamsa féin "Gaedhlic mhaith" ar a' chéad chionn agus "droch-Ghaedhlic" ar a' darna cionn :)

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 12 Jul 2012 9:37 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
Lughaidh wrote:
cá háit? chan fhacaidh mise ach cupla duine a sgríobh leis a' t-sean-leitriughadh. Cha ndéanamsa féin é, úsáideamsa 'n leitriughadh "simplidh" ach athram cupla rud nuair nach dtéid an leitriughadh úr le canamhaint Thír Chonaill.

Níorbh é an litriughadh traidisiúnta amháin a bhí i gceist agam ach litriughadh ná fuil ar aon dul leis an gCaighdeán. Thug an t-idirlíon spás nuadh do ghnáthdhaoine an teanga scríobhtha a dh'úsáid agus is minic ná sásuigheann litruighadh an C.O. iad - daoine a bhfuil suim faoi leith acu sa teangain dhúthchais go háirithe. Dá mhéad scríbhneoireacht den tsaghas so a chastar ar dhaoine ar an idirlíon is eadh is mó dhaoibh a dhéanfaidh an rud céadna.

Quote:
níl aon chumhacht ag an Académie Française. Chan éisteann duine ar bith leóbhtha. Ghníonn siad foclóir nach léigheann duine ar bith, agus molann siad athraigheannaí leitrighthe nach n-úsáideann duine ar bith. Gidh go bhfuil sé iontach casta agus go ndéanann a' chuid is mó do na Frainciseóirí meancógaí leitrighthe, char mhaith le mórán daoiní é a dh'athrughadh. Agus maidir leis an teangaidh féin, athrann an chainnt leis an "fhaisean" agus leis na rudaí a chluinntear ar an teilifís - Béarlachais agus meancógaí san áireamh.

Is dócha nár mhaith an sompla a roghnuigheas, mar sin :) Ní raibh a fhios agam go raibh a laghad soin éifeacht ionntu. Níor mhór eagras lán-nuadh i gcomhair na Gaedhilge, beag beann ar a leithéid a bheith ann nó gan a bheith ann i n-aon tír eile.

Quote:
bheadh sé sin iongantach deas. Ach an bhfuil a fhios ag muitir na Gaedhealtachta gurb acu féin atá an teangaidh cheart? Síleam go bhfuil cuid mhór daoiní ann nach bhfuil a fhios acu, nó chan í a dteangaidh a theaghasctar ins na sgoltacha agus a léighthear in achan áit, ach Gaedhlic chaighdeánach... Húradh liom go dtabhrann páistí as a' Ghaedhealtacht "old Irish" ar chanamhaint na háite agus "new Irish" ar a' Ch.O. a tchíthear in achan áit agus a theagasctar daobhta ins na sgoltacha. Bheireamsa féin "Gaedhlic mhaith" ar a' chéad chionn agus "droch-Ghaedhlic" ar a' darna cionn :)

Ní féidir ná cuireann soin amhras ar na daoine níos sine faoi chirte a gcainnte agus náire féin orthu, uaireanta, mar gheall ar a nGaedhilg 'lochtach'. Cuid den bhfadhb so is eadh litriughadh an C.O., ó thaobh fuaimnighthe de, toisc go dtugann sé ughdarás don bhfuaimniughadh a théigheann leis an litriughadh - fuaimniughadh ná cloistear sa chuid is mó den Ghaedhealtacht go minic, e.g. trá, claí etc.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 12 Jul 2012 10:08 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Níorbh é an litriughadh traidisiúnta amháin a bhí i gceist agam ach litriughadh ná fuil ar aon dul leis an gCaighdeán. Thug an t-idirlíon spás nuadh do ghnáthdhaoine an teanga scríobhtha a dh'úsáid agus is minic ná sásuigheann litruighadh an C.O. iad - daoine a bhfuil suim faoi leith acu sa teangain dhúthchais go háirithe. Dá mhéad scríbhneoireacht den tsaghas so a chastar ar dhaoine ar an idirlíon is eadh is mó dhaoibh a dhéanfaidh an rud céadna.

tchíom cuid mhór daoiní, mar shompla ar Facebook, a labhras Gaedhlic Uladh ach a sgríobhas rudaí caighdeánacha nach n-abrann siad (tá mé cinnte dó), mar shompla sgríobhann siad "ag dul", rud nach n-abartar ach i Mumhain... Is cosúil go gcreideann siad gurb ionann "dul" agus "gabháil" agus go gcaithfear "dul" a sgríobh". Ach chan ionann an 2 fhocal agus chan fhuaimnighthear ar an dóigh chéarna iad, agus is féidir féin go nglactar le "gabháil" ins an Ch.O. Cuireann an "dul" sin isteach orm i gcomhnaidhe nuair is Ultaigh a sgríobhas é. Char thuig mé ariamh go beacht cad chuighe nach sgríobhann siad "gabháil"... an síleann siad go bhfuil sé mícheart? Ultaigh bhródúla iad, agus is cainnteóir dúthchais duine acu...
Ba chóir teisteáint do na daoiní cad é mar a fhéadtar na rudaí canamhnacha a sgríobh... Is féidir sgríobh i nGaedhlic cheart gan sgríobh ins a' chaighdeán i gcomhnaidhe...

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 13 Jul 2012 12:59 am 

Shíleas-sa cheana gur ag 'gul', ó ag 'dhul', a bhíonn á rádh ag Ultaigh.
Tá soin ana-shuimeamhail.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 13 Jul 2012 2:06 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Ní heidh agus cha bheadh cúis ar bith leis. "Ag gabháil" (le L caol) a deir na h-Ultaigh agus na Connachtaigh fosta...

Cibé ar bith, tá "gabháil" le fáilt i bhfoclóir Uí Dhónaill agus a' chiall "to go" aige. So glacann an C.O. féin leis. So caithfidh na h-Ultaigh agus na Connachtaigh é a sgríobh... má tá siad ag iarraidh a gcanamhaint féin a sgríobh, ar ndóighe...

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 14 Jul 2012 2:22 am 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
Lughaidh wrote:
Ní heidh agus cha bheadh cúis ar bith leis. "Ag gabháil" (le L caol) a deir na h-Ultaigh agus na Connachtaigh fosta...

Cibé ar bith, tá "gabháil" le fáilt i bhfoclóir Uí Dhónaill agus a' chiall "to go" aige. So glacann an C.O. féin leis. So caithfidh na h-Ultaigh agus na Connachtaigh é a sgríobh... má tá siad ag iarraidh a gcanamhaint féin a sgríobh, ar ndóighe...

Tá an ceart agat, gan amhras.
Oideachas a dhíreochadh níos mó ar shonnraidhe na gcanamhaintí a chuirfeadh feabhas ar an scéal.
Do bhíodh roinnt mhaith eolais insna seanleabhair scoile, m.sh. 'Réidhchúrsa Gramadaighe', i dtaobh príomh-thréithe na gcanamhaintí éagsamhala. Ní heolas doimhinn é ach tá sé i bhfad níos fearr ná an mhéid a fuaireas-sa agus mise ar scoil!

_________________
(SL)(GM)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 14 Jul 2012 4:26 am 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 3:36 am
Posts: 247
Saoirse wrote:
http://irishlearner.awyr.com/phpBB3/viewtopic.php?f=34&t=1300

That is very useful. And not as intimidating as I would have thought. :GRMA:

Image I'm glad it's helpful.

_________________
賢いふくろぐま Image
Seans Eile - free software to help you practice your Irish
Scéala na Wombait - Muddle-headed Memes and Musings

Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 01 Aug 2025 9:56 am 
Offline

Joined: Sat 26 Jul 2025 4:09 pm
Posts: 3
Murchadh wrote:
Quote:
I am old enough to remember the introduction of an litriú núa and cló romhánach in the 50s.

Just to be clear - the authorities didn't introduce an Cló Rómhámach in the 50's. It had been used, along with an Cló Gaedhealach, since the 19th century at least. What they did do was to dump an Cló Gaedhealach - no longer using it in publications and phasing out teaching it in schools.

Any older person with whom I've discussed the matter has (without a single exception I can recall) spoken fondly of the script as one of their favourite parts of learning Irish at school.
My mother can still write her name very elegantly in it.

I've been reading and writing the Irish script for years now. When I first started I assumed it would be difficult for anyone to read it at the same speed as the Roman type, indicating lenition with h, as surely it would be harder for the brain to register the presence, and absence, of those little dots. I assumed wrong. I can honestly say I have no trouble whatsoever in that regard. Typos involving the dots/poinnc are instantly obvious too.
When I needed a break from dense threads like that, I found https://flashsalesbroker.com/ What Is A Flash Sale to be a good distraction. It’s designed with Canadian users in mind, offering clear, user-friendly trading tools that helped me unwind and refocus. Sometimes switching gears to something engaging yet straightforward really helps balance out heavier subjects.
Quote:
The de Baldy dictionary of 1959 didn't help either. It introduced Anglicised words where perfectly long-standing Irish ones were available - a trait that still continues to this day.

The tendency has been - since about the time of the publication of De Báldraithe's dictionary - towards neologisms/technical vocabulary increasingly drawn directly from English. Often these words are used in preference to (and have sometimes ousted) previously established indigenous terms eg. sprionga for tuailm or lingeán, plútacrátachas for maoinfhlaitheas, reifirméisean :no: for athleasughadh (creidimh) etc.

Why are these forms prefered?
Because most material published in modern Irish is translation of one kind or another - either the conventional translation of pre-existing English texts or translation of a writer's own English language thoughts.
Irish is moving away from being a medium of thought and composition and towards being a code into which English is translated.
The large scale importation of English terminology is driven by the requirement seen by some to facilitate this.
Easily recognisable Gaelicisations of familiar English terms, with exactly corresponding semantic range, are a lot easier for these 'translators' to deal with than distinctly Irish words or [heaven forbid!] multi-word phrases with their own semantic ranges.

Added to this is a notion pertaining to English which should have no bearing on Irish:- that neologisms formed from native elements are somehow 'unnatural' or anachronistic and the obsession of eccentric language purist types (e.g. 'Anglish' enthusiasts).
It's true that in modern English neologisms are normally formed from Latin or Greek elements and using a term like 'far-seer' for 'television' - equivalent of the German 'Fernsehen' - wouldn't be natural in modern English. But this is not the case with modern Irish where constructing new words from existing native elements is a normal part of the modern language.

The results of all this stick out like sore thumbs in modern dictionaries and on the like of focal.ie.

Quote:
Bheinn ábalta sgríobh ins an t-sean-leitriughadh fosta ach b'fhéidir go mbeadh sé deacair ag na foghlaimeoirí, ach amháin má tá foclóir Dinneen acu agus má tá siad ábalta 'n sean-leitriughadh a léigheamh :mrgreen:
Bidheann iongantas orm nuair a tchíom an oiread daoiní arbh fheárr leóbhtha 'n sean-leitriughadh :-) Dá ndéanfasmaid achainidh (?) fá dtaobh dó sin agus dá seólfasmaid chuige'n Rialtas í, an síleann sibh go n-éisteóchthaidhe linn agus go dtiocfasmaid ar aist ar an t-sean-leitriughadh mar leitriughadh oifigeamail? :mrgreen: (tá eagla orm nach nglacfadh na foillsightheóirí ná 'n Roinn Éadóchais leis...)

Ca'na thaobh a mbeadh orainn athchuinghe a sheoladh chun an riaghaltais? Ní leo an Ghaedhilg ach le lucht a labhartha. Ní cás leo í ach a oiread, de réir deallraimh.
Is mór an earráid í, dar liom-sa, bheith ag brath ar phoiliteoirí agus ar státseirbhísigh leas na teangan a dhéanamh.

I totally get how diving into a detailed topic like Irish spelling reforms can feel overwhelming, especially when the discussion involves historical shifts and language complexity

Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 20 posts ]  Go to page Previous  1, 2

All times are UTC

Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot], Majestic-12 [Bot] and 375 guests

You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group