djwebb2021 wrote:
agus bheartaigh sé, dá bhrí sin, filleadh thar n-ais go Calcutta. Ar an mbóthar do, tar éis cheithre chéad míle ’ chur de agus dhá chéad míle fós le dul aige, thúirlig sé dá chapall agus chuaigh ag lámhach sa mhothar ar thaobh na slí. Nuair d’fhíll, is amhlaidh a bhí ná a sheirbhíseach agus na capaill gofa ag cúigear cneamhairí agus iad ag déanamh foghla ar a chuid bagáiste. Do phreab sé chúthu agus scaoil leó agus chuir pileár i mbolg duine acu. Do scaoil duine acu-san leis thar n-ais le ceann dá phiostail féin, gur ghuin sa truigh é. Do bhailíodar leó ansan leis an sluid, agus b’éigin dom dhriotháir dhá chéad míle ’ chur de sa riocht san, é gunta go holc, gan fáil ar chúnamh aige sa dúthaigh bhrothallach san, agus tosach saosúir na báistí ann fairis sin. Do sheasaimh an misneach agus an corp sláintiúil do agus do shrois sé Calcutta fé dheireadh, mar a bhfuair sé leigheas gan mhoíll.
Ní raibh sé dearúdta ag á cháirde ansúd agus tar éis tamaill, ó thárla go caothúil Major Palmer ag dul suas go Poonah ’na Chómhnaitheach ag cúirt Peshwa na Mahrattas, sholáthraíodar leitreacha adhmholtha dho le breith ag triall ar an gcúirt sin agus ghluais sé i bhfochair Major Palmer fé mhór-shláinte agus fé mheanmnain, agus súil aige go mbeadh, ar a laíghead, ceannas catha órdanáis aige. Ó shin i leith, ní bhfuaras tásc ná tuairisc ar an gcrích d’imigh air, ach tá mo mhuinín agus mo dhóchas as gur crích fhónta é. Do bhí corp sláintiúil aige agus misneach seasmhach, bhí sé dea-labhartha agus tá, ní foláir, aibiú tagaithe fén am so ar a mheón, agus eólas ar chúrsaí saeil, ó éagsamhlacht na n‑eachtraithe ’ thárla dho. Táim ag brath le dóchas go mbuailfead arís leis agus is me ’ bheidh áthasach de chionn na teangmhála san.
An tarna driotháir do bhí agam, Matthew, níorbh ionann meón do in aon chor agus do William; ba lú teasaí é agus ba mhó go mór an stuaim a bhí ann; ba thostach é agus ba thugtha do mhachnamh. ’Nár measc féin thugaimís an Spectator air, ó ghiorracht a aghaidh agus ón dtost a chleachtadh sé; ach bíodh ná raibh chómh ré‑bhriathrach le Will agus ná tagadh leis, a dháltha-súd, suaithinseacht mhór, a bhíodh go minic ar bheagán brí, a dhéanamh, agus bíodh go raibh sé támáilthe do-ghluaiste ’na mheón i slí go mbíodh sé go minic seachmallach i láthair cuideachtan, do bhí sprid fáin agus díscire ann ba threise ná éinne againn. Ba mhór aige taisteal, agus eachtraithe, ar a son féin. Dá dheascaibh sin, sara raibh sé na chúig bliana fichead slán, bhí cuaird Shasana tugtha fé dhó nú trí aige, agus bliain caite in America aige, agus an fhaid chéanna in sna hÍndiatha Thiar. Ar fhilleadh ón áit dheiridh sin do, duairt sé liom go raibh beartaithe aige dul anonn sa bhFrainnc agus dul in’ óglach i seirbhís na Poblachta. Thugas mo chómhairle agus mo chúnamh do chuige sin. Thárla san i Mí Lúnasa den bhliain . Do ghluais sé anonn, más ea, go Hamburg, chuaigh as san go Dunkirk agus, arna thairiscint féin dóibh in’ Éireannach gur mhór aige d’onóir cead seirbhíse d’fháil in armála na Frainnce, do cuireadh láithreach i bpríosún ar amhras é. D’fhan ansan go Beallthaine, , nuair a scaoileadh é ar órdú Choiste an Chaomhnaithe Phoiblí, agus, ar dhul go Havre de Grâce do, chuaigh sé ar bórd luinge go hAmerica, mar a dtáinig sé slán an tarna huair um Nollaig le línn dom féin bheith, leis, ann ag feitheamh le luíng a bhéarfadh sa bhFrainnc me, i dtreó go rabhamair araon in America i ganfhios dá chéile, ní is oth liom féin go mór, mar ón gcuma atá ar mo chúrsaí‑se fé láthair, níor chuid ba lú ná an baol atá ann ná teangmhóimís choíche arís le chéile; ach ní dual dom an mí-dhóchas.
There is a fragment missing between this section and the last section that David posted:
Quote:
Do chuir an cúrsa san, agus an cogadh d’éirigh idir Shasana agus an Fhrainnc, deireadh thar fóir le haon dóchas a bhí aige go bhfaghadh sé dul chun cinn, agus bheartuigh sé d’á bhrí sin...
Notes:
tar éis:
t'réis is the most common form in CDh, but
tar éis is also found alongside
t'éis, th'éis, and
dh'éis.
cheithre chéad:
cheithre céad in the original. The former is correct. Likely a typo
sa mhothar: 'in the thicket'.
San mothar in the original, another typo
is amhlaidh a bhí ná a sheirbhíseach: 'thus there was but his servant...'
gofa:
gafa in CDh.
cneamhaire: 'rogue'
ag déanamh foghla: 'plundering'
chúthu: pronounced
chútha in CDh (spelt
chucu in GC)
scaoil [sé] leo: 'he shot at them'
piléar:
p'léar in CDh, pronounced /p´l´e:r/. Normally
éa is pronounced as /ia/ in most dialects of Munster (not, for example, Waterford Irish, however), but maintains the pronunciation /e:/ when in the second syllable of a word or when following
r- at the beginning of a word. There is also a rule in which a weak vowel (/ə/) may be deleted when preceding a stressed syllable beginning with
n, l, r. The vowel
éa remains /e:/, as originally it was (or is, as it still may be pronounced /p´əl´e:r/) a two syllable word.
b'éigin:
b'éigint/b'éigean/b'éigeant in CDh.
riocht: one of the few words that maintains a slender
r- at the start of the word (/r´uxt/)
sa dúthaigh bhrothallach san:
san dúthaigh bhrothallaigh in the original, with the dative form of the adjective. This form is out of use in modern CDh. However, the adjective may be lenited when following a dative noun.
saosúr: this is the form used in CDh Irish.
séasúr is given in the original
fairis:
farais in CDh
[font=]shrois[/font]: =
shroich in GC. The former form is most common in modern CD, though
shroich is found as well.
ní raibh sé dearúdta ag á cháirde:
ní raibh sé imithe i ndearmad ag a cháirde in the original
imithe: pronounced /im´əhə/ or /m´ihə/
dearmad:
dearúd in Munster
cómhnaitheach: 'resident'
leitreacha: pronounced
leitireachaadhmholadh: 'panegyric'
i bhfochair: 'together with'
meanmain:
somheanmain in the original.
ní bhfuaras:
ní bhfuaireas or
ní fuaireas in CDh.
tásc ná tuairisc:
táisc ná tuairisc is most common in CDh.
crích: this dative form now almost entirely replaces the nomitinative form (
críoch) in the dialect
thárla dho:
thárlaidh do in CDh
a dháltha-súd:
a dhált(h)a súd or
a dhála súd (?) in CDh.
fé dhó nú trí: 'twice or thrice'
arna: form of
ar a used alongside the verbal noun.
tairiscint:
tairgsint in the original. Many verbal nouns with (slender)
-sc- in their endings may often change to an ending in
-gs- or
-cs- in CDh. For example:
tairiscint ~ tairgsint,
feiscint ~ feicsint,
tuiscint ~ tuigsint ~ tuicsint