It is currently Wed 27 May 2026 5:46 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 36 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4
Author Message
PostPosted: Mon 25 May 2026 4:57 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1751
1. I láthair na huaire: adjusted from ar láthair na huaire.
2. Is mó measarthacht replaces is mó measartha in the original.
3. The English edition notes that Matthew Tone (1768-1798) joined the French expedition under the French general Jean-Joseph Amable Humbert to Killala in 1798. He was taken prisoner after the battle of Ballinamuck, Co. Longford, on September 8th of that year, tried by court martial in Dublin and hanged on September 29th.
4. Arthur: Arthur Tone (1782-fl. 1811). Adjusted from Artúr. He took part in the Lough Swilly expedition, later served in the Dutch navy, and then returned to America in 1801. He served in the US navy 1809-1811, at which point no more is recorded about him.
5. Sa bhliain: adjusted from san mbliain.
6. Nuair a dh’fhásfaidh sé: adjusted from nuair a fhásfaidh sé.
7. Éirimiúlacht: this replaces éascaíochta in the original, as the English had “quick parts”, which refers to intelligence, not to speed.
8. Ba dhual do óna mhuíntir: adjusted from ba dhual muinntir do, as the genitive would be required in that construction (ba dhual muíntire).
9. Liom-sa: adjusted from lion féin.
10. I dteannta: adjusted from fara.
11. D'aois: adjusted from aoise.
12. Thaithn: adjusted from thaithnigh.
13. Liom-sa: adjusted from liom féin.
14. In éineacht liom: adjusted from faram.
15. Mhí na Nollag: adjusted from mhí Nollag.
16. The English edition notes that Arthur Tone returned to America in 1797, and then came back to Europe in 1798, entering the Dutch navy. He was captured by the English, but was helped to escape by an Irish officer who found him weeping over an account of his brother’s death.
17. Mary: Mary Tone (d. 1799), adjusted from Máire.
18. I measc buachaillí: adjusted from i measc bhuachaillí.
19. Cineál: this translates “sex” here.
20. The English edition relates that Mary Tone returned from America to France in 1796 with Wolfe Tone’s wife, and then in 1797 married a Swiss merchant, Jean-Frédéric Giauque, with whom she settled in St. Domingo (i.e. modern-day Haiti). She is believed either to have died of yellow fever in St. Domingo or to have been killed by Haitian blacks in racial disturbances on the island.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 25 May 2026 5:10 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1751
aigéan: ocean.
annró: hardship, /au'ro:/, or anró in GCh.
ath-bhreith: in’ ath-bhreith, the very image of someone.
ath-uair: once again.
Atlantach: an Atlantach, Atlantic. Adjusted from Athlantach, as this is not an Irish word, and so cannot be aligned fully with Munster Irish phonology.
bainim, baint do: for something to happen to you.
bannaí: bond, bail. Fé bhannaí, bound as an apprentice.
baol: danger, with baeil in the genitive.
buigeacht: softness, or boigeacht in GCh.
ceann-tréan: headstrong, obstinate.
cineál: kind; adjusted from cinéal.
cinim, cineadh/ciniúint: to determine to. This verb tends to have a single n in WM Irish.
cloisim, clos: to hear.
cuí: fitting, proper.
dán-chreideamh: confident belief. Adjusted from dáinchreideamh.
díomhaoin: chómh díomhaoin le lúidín a’ phíobaire, as idle as a piper’s little finger.
discréideach: discreet(ly); or with discretion.
dual: ba dhual do óna mhuíntir, he took after his family in some respect.
éacht: feat, exploit.
eireaball: siar go heireaball, every last one of (us/them).
éirim: drive, inclination.
éirimiúlacht: aptitude, intelligence.
fánaíocht: wandering, roving.
feidhmiúil: effective, /fʹəi'mʹu:lʹ/.
fionóideach: derisive, mocking; adjusted from fonómhaideach. Den chineál fhionóideach translates “in the burlesque style”.
gaigíocht: dandyism, foppishness.
gairm: vocation, calling, /gɑrʹimʹ/.
groí: strong, vigorous, spirited.
ilmhinic: very often, often in all sorts of ways.
iompar: carriage, bearing.
lú-de: any the less for it.
máirnéalacht: seamanship.
mánlacht: gentleness.
measarthacht: temperateness, moderateness.
mí-shlachtmhar: untidy, badly arranged.
muir-eachtra: voyage, /mirʹɑxtərə/.
neamaitheas: incivility, cognate with neamaitheach, “disobliging”.
neamh-oiriúnach: unsuitable.
óig-bhean: young woman.
poblachtaí: republican, /pobələxti:/.
Poirtingéil: An Poirtingéil, Portugal.
praitinniúil: clever, astute.
príntíseach: apprentice.
súbhachas: merriness, joyfulness, /su:xəs/.
taithneamhaí: agreeableness. Nár lú-de a thaithneamhaí é, he would be none the less agreeable for it.
taithneann, taithneamnh: to please, /taŋʹhən, taŋʹhəv/. With thaithn /haŋʹ/ in the preterite.
tásc: a report of someone.
tathant ar: to urge.
tráim, trá: to ebb, abate.
treas: third.
uile: go huile, totally, to the full.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 27 May 2026 2:37 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1751
This book may be more of interest to me than others and people may want to study something else. If so, that's OK.

Daoine mar chách dob ea m’athair agus mo mháthair, ach ón ngeárr-thuairisc seo, agus ón méid atá agam le cur leis im thaobh féin, is follas, dar liom, nár chosúil a gclann in aon chor le daoine eile, ach go raibh ins gach duine acu sprid fhiain chun fánaíochta a bhíonn le fáil, b’fhéidir, uaireanta i nduine aonair, ach gur annamh a ghabhann sí an chlann uile, go fiú na mná. Do bhí cuaird tugtha ageam dhriotháir William ar an Úróip, an Asia agus an Aifric sara raibh sé triochaid. Tá Matthew tar éis bheith in America fé dhó, in sna hÍndiatha Thiar turas, gan trácht ar iomad turas go Sasana agus a chuaird agus a thréimhse príosúin sa bhFrainnc, agus san uile déanta aige sara raibh sé a sheacht fichead. In aois a cheathairdéag tá turas tugtha cheana ag Arthur go Sasana, dhá thuras go dtí an Phoirtingéil agus dhá thuras thar mór-mhuir ag dul go hAmerica agus ag filleadh. Tá mo dhrifiúr Mary tar éis dul thar an mór-mhuir chéanna agus tá súil agam go ndéanfaidh go luath arís é ag dul thar n-ais abhaile dhi. Ní thráctaim anso ar mo bhan-chéile nár ar ár mbeirt bhuachaillí agus an cailín iníne, ná raibh an té ba shine acu ach ocht mbliana agus an té dob óige dhá bhliain d’aois nuair a sheólamair go hAmerica. Agus, de réir mar ’ chítar dom, níl aon deimhne ann go bhfuil deireadh ar fad lenár n-eachtraithe go fóill.
Tráchtfad anois orm féin. Mise, mar aduart, sínsear chlainne mo thuismitheóirí, agus ba mhór an bháidh a bhí liom. Do cuireadh me in aois a hocht nú a naoi ar scoil shár-mhaith Bhéarla a bhí ag Sisson Darling, duine go rabhas fé chomaoine mhór aige trí mhéid a chineálthais agus a dhúthrachta dhom. Do ghoibh sé cúram thar chách díom. Tá urraim agam fós do. Do bhínn ana-dhíomhaoin agus ní bhíodh aon rud ach corp náire a ghríosadh chun saothair me. Mar sin féin nuair a bhíodh na scrúdúcháin phoiblí ag dridim linn—bhídís ar siúl gach ráithe agus bhíodh ár muíntir agus ár gcáirde uile do láthair—do dheininn saothar tamall agus d’éiríodh liom de ghnáth óir tá a sé nú a seacht de dhuaiseanna agam a ghnóthaíos i mbrainnsí éagsamhla ag aon scrúdúchán amháin ar mhatamaitic, uimhreacht, léitheóireacht, agus cleachtadh na meall-chruinne, &rl. Do theipeadh go síoraí orm i dhá n-abhar léinn, scrí’ agus Teagasc Críostaí. Ní fhéadfainn choíche a thabhairt orm féin stuidéar a dhéanamh ar an gceann deiridh acu-san.
Tar éis tuairim trí bliana ’ chaitheamh i dteannta Mr. Darling, agus gabháil trí chúrsa ar fhormhór foghlama an Bhéarla, mhol sé go láidir do m’athair me do chur ar scoil Laidne agus me d’ollmhú i gcómhair na hOllscoile. Do chuir sé in úil do gur bhuachaill breá me, go raibh éirimí neamh-choitianta ionam, i gcómhair mhatamaitice go ró-speisialtha, agus go mba mhíle trua mo thairbhe ’ chaitheamh gan mhaitheas i ngairm gnótha nuair ba dheimhnitheach é, dá dtugtí oideachas fial dom, go dtiocfadh liom bheith im Fellow i gColáiste na Tríonóide, ní ba mhór mar chéim neamh-spleáchais, gan trácht ar an nglóire ’ leanfadh é. Fuair sé cúnamh sa tathant san ó Mhinistir na paróiste, an Dochtúir Jameson, duine cóir a cheistíodh ó am go ham me i mbun-abhar na céimseatan.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 27 May 2026 2:44 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1751
1. Ins gach: adjusted from i ngach.
2. In aois a cheathairdéag: adjusted from ar aois a ceathairdéag.
3. Go: ar is not accepted in this edition after turas. Go or go dtí are used instead.
4. Báidh: the original had dhom in this construction, adjusted here to liom.
5. Sár-mhaith: lenition is added in this edition on sár-mhaith after scoil. Lenition is also added on Béarla.
6. Sisson Darling (1737-1817) ran a well-regarded school, the Mercantile Academy, teaching English grammar, reading and mathematics, in Mabbot Street in Dublin from 1770 to 1797.
7. Tá a sé nú a seacht de dhuaiseanna agam a ghnóthaíos i mbrainnsí éagsamhla ag aon scrúdúchán amháin: the original had "ar" aon scrúdúcháin amháin. I'm not sure about this changew.
8. Aon scrúdúchán amháin ar mhatamaitic: ar replaces "mar gheall ar".
9. Go síoraí: the go is supplied in this edition.
10. I dhá n-abhar léinn: in two subjects. The n-prefixation survives the intervention of dhá.
11. Formhór: adjusted from urmhór.
12. Éirimí: the use of éirimí in the plural is a little forced in Irish, but could be used where a range of different aptitudes were intended.
13. Fellow: this is normally cómhaltha in Irish.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 27 May 2026 2:55 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1751
Aifric: Africa, adjusted from Afraic in line with PUL’s usage.
báidh: liking, favour, /bɑ:gʹ/.
ban-chéile: wife.
brainnse: branch (of learning), /brainʃi/.
bun-abhar: main outline, the basics, /bun'aur/.
céimseata: geometry. With céimseatan in the genitive.
cineálthas: kindness.
cóir: decent, honest.
comaoine: favour, adjusted from comaoin.
cúram: cúram de dhuine a ghabháil, to take care of someone, take an interest in him.
deimhnitheach: certain, /dʹəinʹihəx/.
do láthair: present.
dridim, dridim: to close, draw close to. This is adjusted from druidim.
duais: prize, award.
éagsamhail: different, various; adjusted throughout here from éagsúil. Pronounced /iag'saulʹ/.
éirim: aptitude.
fial: liberal. Oideachas fial here translates “a liberal education”, otherwise oideachas liobrálach.
follas: clear, evident.
formhór: majority; adjusted from urmhór. Pronounced /forə'vo:r/.
geárr-thuairisc: short account.
glóire: adjusted from glóir.
gnóthaím, gnóthú: to win, gain.
go fiú: even, even down to.
go ró-speisialtha: in particular, especially.
gríosaim, gríosadh: to incite, stimulate. First-conjugation forms are imposed here.
matamaitic: mathematics.
meall-chruinne: globe. Cleachtadh na meall-chruinne corresponds to “use of the globes” in the English original.
mór-mhuir: ocean.
neamh-spleáchas: independence.
oideachas: education, /i'dʹaxəs/.
ollmhaím, ollmhú: to prepare; adjusted from ullmhaím, ullmhú. Pronounced /o'li:mʹ, o'lu:/.
paróiste: parish. Adjusted in this edition to give the feminine gender. Pronounced /pro:ʃtʹi/.
ráithe: quarter, season, /rɑhə/.
sár-mhaith: excellent.
seólaim, seóladh: to sail.
thar chách: more than anyone else, adjusted from thar cách.
triochaid: thirty, adjusted from tríocha.
úil: knowledge. Rud do chur in úil do dhuine, to let someone know something.
uimhreacht: arithmetic, /ivʹirʹəxt/.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 27 May 2026 3:03 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1751
286 headwords in the Glossary so far.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 36 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot] and 453 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group