It is currently Mon 18 May 2026 10:19 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 
Author Message
 Post subject: Rinne + Aidiacht
PostPosted: Fri 22 Dec 2023 10:44 pm 
Offline

Joined: Fri 22 Dec 2023 10:34 pm
Posts: 4
Tá a fhios agam nach bhfuil sé ceart de réir na gramadaí chun rinne a úsáid le haidiacht, mar shampla:

Rinneadh mé sona (I was made happy)
Rinne sé mé crosta (he made me angry)
Rinne d'obair mé sásta (your work made me satisfied)
Rinne sé an obair soléir (he made the work clear, seachas "rinne sé an obair sholéir" = "he did the clear work")

Níl siad cosúil leis an leagan "Thug sé sonas dhom" or "Chuir sé áthas orm", ach tháinig mé ar an ráiteas seo ar nualeargais: "One may also use other verbs in conjunction with predicative adjectives, (e.g. déan = do): Rinne sé an scian géar = He made the knife sharp."

Ní raibh mé in ann miniú de réir na gramadaí a chur ar an abairt, agus dá mbeadh sí i gceart, céard a dtiocfadh sna snála uirthi.

Ar Teanglann, faoi 'déan' tá: "(With adjective as complement to predicate) Cause to become. Duine a dhéanamh tinn, tuirseach / Rud a dhéanamh réidh / déan fairsing é"

An bhféadfeadh sibh míniú gramadúil a thabhairt dhom faoi seo le bhur dtoil?


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Rinne + Aidiacht
PostPosted: Fri 22 Dec 2023 11:40 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1730
Is dó' liom gur Labhrás is feárr a thabharfaidh freagra ort ós é sin do chuir le chéile an suíomh san Nualeargais, nú an chuid de go bhfuil baint aige le graiméar Gaelainne. Ach mar a thuigim-se an scéal, tá deifríocht ann idir rud do dheineann tú (rud a chruthaíonn tú) agus rud nách led láimh féin do cruthaíodh é ar dtúis, ach go ndeineann tú éifeacht éigint ' imirt air.

Mar shampla: deineann tú scian (you manufacture a knife) agus deineann tú (go) géar í.
Cuireann tú fearg orm - cuireann tú an éifeacht san orm, ach níor dheinis me, ní tu cruthaitheóir an domhain agus ní dheineann tú ach éifeacht a phlé ar rud do bhí ann cheana féin (you make me angry, but you are not my maker, you did not manufacture me, you are not the creator of the human race).

Dáltha an scéil, is dócha go bhféadfá an abairt seo a rá: do deineadh an obair soiléir (do deineadh an obair + do deineadh é i gcuma gur soiléir é).

Ach cad mar gheall ar an mbreis-chéim: do deineadh níos soiléire é - níl aon locht air seo mar abairt.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Rinne + Aidiacht
PostPosted: Tue 26 Dec 2023 7:11 pm 
Offline

Joined: Fri 22 Dec 2023 10:34 pm
Posts: 4
Go raibh maith agat as ucht an phostáil, agus tá súil agam gur bhain tú taitneamh as an Nollaig!

Is maith liom an cur síos sin agus tá ciall ann i m'intinn, agus an fhadhb a bhí agam ná mo thuiscint ar an miniú :hide: Ach ar Teanglann, an Béarla atá acu ar "déan fairsing é" ná "widen it", seachas 'déan é agus déan go fairsing é' :S

D'aimsigh mé cúpla leabhair ghramadúla a bhí agam le Nancy Stenson, agus déanann siad cur síos ar an dtopaic mar a leanas:

"A construction similar to the English is used when the state is expressed by an adjective. The adjectives use a form of déan–‘make,’ whereas the nouns are introduced by cuir–‘put.’
- Rinne sé sin tinn mé.
- Ná cuir fearg ar Eoghan.
Adjective forms, even if they exist, are rarely used."

Níl cúis fíoraithe agam go fóill, ach is cosúil b'fhéidir nach bhfuil struchtúr cruinn ann.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Rinne + Aidiacht
PostPosted: Tue 26 Dec 2023 7:18 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1730
Bhuel, tá orm géilleadh do Nancy Stenson, bean go bhfuil mór-chlú aici mar mhúinteóir. Is dócha go bhfuil an dá rud ann, agus beid siad araon ceart, cé nách minic a húsáidithar an tarna ceann le mothú éigin do chur ar dhuine. Is trua nár thairg aon duine eile a thuairim air, ach b'fhéidir go dtabharfadh duine eile freagra sara fada.....


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Rinne + Aidiacht
PostPosted: Wed 27 Dec 2023 2:59 pm 
Offline

Joined: Fri 22 Dec 2023 10:34 pm
Posts: 4
Eureka! Freagra aimsithe agam. Tá sé scríofa i mBéarla agam faraor de bharr go raibh mé á thaispeáint do chara.

Sásta = aidiacht bhriathartha de sásaigh
Crosta = aidiacht bhriathartha de cros

Is ionann é seo agus dún = dúnta. Ní déarfá riamh "rinne mé é dúnta", is "dhún sé é" an abairt cheart. Nó oscail = oscailte. Ní déarfá "rinne sé í oscailte", is é an chaoi cheart ná d'oscail sé í.
Is ionann é seo agus an past participle sa Shacs-Bhéarla, a chríochnaíonn le -ed go coitianta, m.sh. closed nó opened.

Ní fhéadfadh tú he made it closed or he made it opened a rá. It is he closed it, or he opened it, cosúil leis an nGaelainn.

Ní fhéadfadh rinne + sásta /crosta, srl. a rá. Is dóigh liom toisc go bhfuil an aidiacht bhriathartha déanta cheana féin.
D'fhéadfadh "rinne sé tinn mé" nó "rinne sé tuirseach mé" mar is aidiachtaí iad seachas aidiachtaí briathartha - tagann siad ó ainmfhocail (tinneas, tuirse), seachas briathair. Mar an gcéanna i dteanga eile, m.sh. he made me sick.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Rinne + Aidiacht
PostPosted: Tue 02 Jan 2024 9:49 am 
Online
User avatar

Joined: Sat 03 May 2014 4:01 pm
Posts: 1971
Ní cuimhin liom cá bhfuair mé an sampla. Is léir go bhfuil sé mícheart.
Is dócha gur ghlac mé leis ag an am úd go bhféadfá "déan" a úsáid le haidiachtaí fé mar atá i nGearmáinis nó i mBéarla.
Ach tá sé sách annamh, b'fhéidir le "tinn" (make sick) nó le "cinnte" (make sure, that ...) agus is dócha gur Béarlachas é.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Labhrás and 6216 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group