|
1) . . . Agus féaċ, tá mo ġuí á cur suas agam ċun na ndéiṫe sean agus nua, go ḃféadfainn bua ' ṫúirt amaċ, nú cintar liom go dtéinn anún go Ríoċt na Glóire, 'sé sin Mag Mell . . .
Glaoim amaċ ċugat, a ḃandia uaċtaraċ an ċogaiḋ.
Glaoim amaċ ċugat, a ḟiaċ an ċaṫa.
Glaoim amaċ ċugat, a ṡceiṁle na ḃfear, a niteoir ag áṫ na cinniúna,
agus uṁlaím an ċeann roṁaiḃ go léir.
A ṡiḃse atá ag smúrṫaċt ṫart faoin caṫéadan,
Caiṫigí fleá ar ár n-eagla mar ċú ar na daoine a ṫit sa ċaṫa.
Brúigí sinn, a laoiċ ársa, a ḃandia caṫanna, sceiṁle, dóċais, agus cuṁaċta; brúigí sinn isteaċ i ḃfírinne.
Brúigí sinn isteaċ i sláine.
Brúigí sinn go dtí naċ ḃfuil an dara roġa againn aċ a ḃeiṫ mar a ċiallaiġ na déiṫe dúinn a ḃeiṫ, gan leiṫscéal.
Sé do ḃeaṫ a duit, a Ṁorrigan. Sé do ḃeaṫa, a ṁáṫair an ċaṫa. Sé do ḃeaṫa na mbuanna a ṫugann tú.
A Ċamulus na duilleog daraċ agus an reiṫe, a ġarda an ċaṫa, a ṁáistir cogaiḋ agus a ealaíona go léir, a ḋeontóir nirt agus tola dóiḃ siúd a leanann do ġlaoċ, sáim ṫú.
I dtailte arda agus i gcinn ísle, ó ṫeorainneaċ a ṫuaiḋ na Breataine go fiántais na Gaile Móire a ḃí aiṫne ṁaiṫ ar do neart, agus ḃí d'ainm snoite go doṁain i gcloċ ag daoine a ċuir a gcreideaṁ ionat;
is iomaí paidreaċa a dúraḋ leat ar son misniġ agus ar son an ḃua, ar son tearmainn agus slánaiṫe.
Do ḋeineadar ár n-aiṫreaċa míle bliain agus i ḃfad níos mó tairiscintí duit, a Ċamulus;
éist lenár nglao, a ḋia an duine agus an iliomad.
Is go Lugus fairsing a ṫairgim mo ṗaidir.
A ḋia go leor daoine, is riaṁ a ḃíonn tú le do ṁuintir, ag barda os cionn an tí agus ag breaṫnú ar an taistealaí;
Is riaṁ a ṫugann tú do ḃronntanais don ealaíontóir agus don ċeardaí, don déantóir agus don ġaiscíoċ.
A Lugus uasal, cuiḃreannas Rosmerta lonraċ, d'éiriġ leat ón dorċadas, a ṡaoi, a ḋuine cliste; titeann ór geal ó do láṁa, luaċ saoṫair an ḟiúntais, tugṫa dóiḃ siúd a dtugann a gceird agus a n-obair ṁaslaċ saoṫair úsáideaċ agus coṫrom araon ar an saol.
Ḃí cáil ort sa Ġaill agus sa Ġailís, a ḋia a ṫuga ḋonóir trí huaire; tugaim onóir duit an lá seo, a Lugus, a ḋuine dilís.
Glaoim amaċ ċugat, a Ḋagda, a ḋuine uileċuṁaċtaċ, a ḋuine cineálta, a ḋuine flaiṫiúil, a ḋia ṁór le buanna go leor, a aṫair na bpáistí láidre agus le croíṫe móra maiṫe acu, a ṁáistir seoda atá ṫar insint, le do ċoire riaṁ lán agus do ċrainn riaṁ trom le torṫaí milse.
Is ar do ċláirseaċ daraċ a imríonn tú ċun an talaṁ a ṫaḃairt go saol nuaḟásta nó é a ṡocrú do ċodlaḋ geiṁriḋ;
ċaiṫ tú ar láiṁ an cleiṫ trom lena dtógann tú nó a ṫugann tú ar ais beaṫa.
A Ḋagda, a ḋia an oiread sin ainmneaċa, a ḋeontóir bronntanas go leor, a ṡealḃóir eolais agus a iompróir eagna, a oibrí iontais, sciaṫ tú sinn faoi ṡáḃáilteaċt, beannaíonn tú sinn le deolċaire.
Taḃair misneaċdom, taḃair neart dom, taḃair eagna dom. Treoraiġ mo ṫua, treoraiġ mo chuid feirge, treoraiġ mé ċun glóire in ainm na seandéiṫe agus na ndéiṫe nua . . .
2) "Dúirt mo ṁáṫair liom go gceannóinn galláin le raṫa maiṫe lá éigin agus ṡeolfainn go cladaí i ḃfad i gcéin go seasfainn suas go hard ar an bpraine ag stiúraḋ loinge maorga ag déanaṁ cúrsa seasta don tearmann agus go leor naiṁ de a ṁarú
Cuireann raṫa ars na huiscí faoi na réaltaí a ṡolas sa spéarṫa Tugaimid onóir dár n-aiṫreaċa Ní ḃfaiġiḋ muid bás go deo
Bailiġ gaċ capall leat ag caiṫeaṁ do ċlaíoṁ agus do sciaṫa Déanaimis máirseáil i dtreo do ḃua ar ṗáirceanna cróḋearga"
3) ... it's only business ... [Old Irish: It's only the usual thing. > Is in rét gnáṁ ed nammá. OR (like modern Irish) Neimní and aċt in rét gnáṁ. Modern Irish: Níl ann aċ gnó.
4) No mercy for the wicked [Old Irish: We can't forgive the son of death. > Ní séitir lenn in macc báis doluigi. (It's not able with us son of death to forgive.)]??? Modern Irish: Níl trócaire ar biṫ ar an ċiontaċ.
|