It is currently Wed 23 Sep 2026 1:24 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 17 posts ]  Go to page Previous  1, 2
Author Message
 Post subject: Re: Cluichí Cartaí
PostPosted: Wed 23 Apr 2014 10:11 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
(I've been trying to post this but as it takes quite a long time, I've had to log in again and the text is lost :dhera:)

This was put on line by Club Chonradh na Gaeilge - An Club 6 Sráid Fhearchair BÁC 2 (but it's no longer there now)

Treoir do Céad is a Deich

Cluiche éasca é 110 gur féidir é a imirt le nó gan páirtnéir. Tugtar cúig chárta do gach imreoir agus cúig chárta chomh maith don babhán (the dummy). Bíonn deis ag gach imreoir na cártaí a roinnt.
An chéad rud a tharlaíonn agus tú ag imirt 110 ná go bpiocann tú suas na cúig cártaí atá roinnte duit. Ba mhaith leat cártaí maithe a fheiscint - cúig nó cuireata (jack) agus bheifeá an-tsásta dá mba den dath céanna iad.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Cluichí Cartaí
PostPosted: Wed 23 Apr 2014 10:23 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
Pé duine a bhíonn suite ar chlé ón té a roinneann, is ag an duine sin an chéad ghlaoch. Muna bhfuil ach 'bruscar' agat, abair pas. Is iad seo na glaonna eile - Cúig Déag, Fiche, 25 & Tríocha. Gné ar leith de 110 ná má ghlaonn tú 15, 20 nó 25, agus má éiríonn le do ghlaoch, beidh scór 15, 20 nó 25 agat ( agus is féidir cleasanna breise a aimsiú chomh maith). Ach má ghlaonn tú tríocha agus go n-aimsíonn tú é, tugtar scór de seasca duit. Gné eile den chluiche ná go mbíonn an pribhléid ag an té a roinneann na cártaí, an glaoch is airde 'a thógaint'. Abair gur fiche an glaoch is airde, is féidir leis siúd fiche a thogaint (bheadh ar imreoir eile 25 a rá).


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Cluichí Cartaí
PostPosted: Wed 23 Apr 2014 10:28 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
An té is airde a ghlaonn, tógann sé nó sí an balbhán, agus tar éis na deich gcártaí a mheas, fógraíonn sé nó sí an mámh (the trump). Coimeádann na himreoirí pé cártaí máimh atá acu agus sa tarna roinnt, tugtar, ar a mhéid, trí chárta an duine do chách.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Cluichí Cartaí
PostPosted: Wed 23 Apr 2014 10:33 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
Cad é an cárta is fearr? An Cúig Máimh. Agus 'sé an cuireata máimh an tarna cárta is fearr. 'Sé an triú cárta is fearr ná an Cleasaí agus an ceathrú ná an tAon Hart (gné de 110 ná gur cártaí mámh i gcónaí iad An Cleasaí (nó Seánín na Lúb mar a tugtar ar chomh maith) agus an tAon Hart (An Banbh ainm eile ar an gcárata seo).


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Cluichí Cartaí
PostPosted: Wed 23 Apr 2014 10:38 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
An tAon Máimh an cúigiú cárta is fearr ach sa chás nuair is hart an mámh agus ansin is ionann an dá chárta sin. Ina dhiaidh sin, An Rí agus ansin An Banríon & ansin an cárta is ísle sna dthanna dubhanna agus is airde sna dathanna dearga. Mar shampla, is fearr an deich muileat (diamond) nó an naoi.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Cluichí Cartaí
PostPosted: Wed 23 Apr 2014 10:41 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
De ghnáth, is gá mámh chun cleas a bhuachint agus tugtar scór de cúig do gach cleas ach tugtar scór de deich nuair imrítear an mámh is airde - go hiondúil an cúig máimh.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Cluichí Cartaí
PostPosted: Wed 23 Apr 2014 10:51 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
Ar chuala tú faoi 'reneging' nó 'ceilt' mar a tugtar ar sa Ghaeilge. Bíonn ort an dath a imirt (to follow suit) i 110 ach is ceadaithe mámh a imirt am ar bith. Tá cead ceilt i gcás na ceithre cártaí is airde má's amhlaidh gur cárta níos ísle an chéad chárta a imríodh sa chleas chéanna. Mar shampla, má tá an cuireata máimh agat agus gur imríodh an cleasaí i dtosach, tá rogha agat an cuireata a imirt nó a cheilt ach bheadh dualgas ort mámh níos ísle nó cleasaí a imirt. Beidh tuiscint níos fearr agat ar an gcluiche le cleachtadh - tabharfar soiléiriú breise agus comhairle. Ní fada go dtuigfidh tú féin an seanfhocal ó Chorcaigh - Cuireata gan Garda, is ard a sceadann sé!


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 17 posts ]  Go to page Previous  1, 2

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 705 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group