Saoirse wrote:
Tá ceist agam faoi 'ham'. Bhí mé i nGaoth Dobhair mí ó shin agus ar ais ó Bhaile an Fheirtéartaigh inné - an dá áit sa Ghaeltacht. San dhá áit, bhí an fhadhbh againn. Chuireamar ceist faoi cheapaire tósta le cáis agus liamhás agus ní thuig siad 'liamhás'. Gach uair, chuireamar an cheist céanna, 'cad t-ainm a churann tú ar ham' agus an freagra ná 'ham' ó ghach duine! An úsáideann éinne eile an focal 'liamhás' ar chor ar bith????
Sin ceist iontach, Thá ' fhios agam nach ndeirtear ispíní i mbaile an Fheirtéaraigh nú an Bhuailtín mar a thugann na daoine áíteamhala air- deirtear sausaigíní mar ní focal Gaelach é ispín- sin adubhairt duine cumasach liom ar aon chuma. N' fheadair an é liamhás an focal traidisiúnta? Úsáidimse fhéin é. Ach gan amhras thá ana chuid saibhris teangain 'mithe anois ós na Gaeltachtaibh de dheasca brú is bagairt an Bhéarla.
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)