It is currently Tue 15 Sep 2026 10:30 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 4 posts ] 
Author Message
PostPosted: Tue 02 Sep 2014 10:28 pm 
Offline

Joined: Sat 25 Feb 2012 8:40 pm
Posts: 48
Bia dhaoibh a chairde,

Tá bhur gcomhairle de dhíth orm. Nuair atáthar ag scríobh na Gaeilge i réim cuíosach ard, an dtéann an t-alt le hainmfhocal teibí de ghnáth? Mar shampla, ciocu is fearr dar libh, 1 nó 2 thíos?

1. "Is iad gnéithe tipiciúla na filíochta rithim, rím, uaim, comhshondas, samhail agus fuaimfhoclaíocht.

Scríobhtar mórán maidir le dúchasú, eachtrannú agus idirghabháil chultúrtha".

2. "Is iad gnéithe tipiciúla na filíochta an rithim, an rím, an uaim, an comhshondas, an samhail agus an fhuaimfhoclaíocht.

Scríobhtar mórán maidir leis an dúchasú, an t-eachtrannú agus an idirghabháil chultúrtha".


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 03 Sep 2014 11:19 pm 
Offline

Joined: Sun 04 Sep 2011 10:06 pm
Posts: 3
Scríobhfainn féin -
"Is iad gnéithe tipiciúla na filíochta rithim, rím, uaim, comhshondas, samhail agus fuaimfhoclaíocht.

Scríobhtar mórán maidir le dúchasú, eachtrannú agus idirghabháil chultúrtha".

Perry


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 08 Sep 2014 3:33 pm 
Offline

Joined: Sat 25 Feb 2012 8:40 pm
Posts: 48
Go raibh míle maith agat a Pherry.

perkin warbeck wrote:
Scríobhfainn féin -
"Is iad gnéithe tipiciúla na filíochta rithim, rím, uaim...


Bíonn fonn orm amhlaidh a dhéanamh, ach táim ag ceapadh gur rud Muimhneach atá ann (tá an t-ádh orm teacht ón Deisceart) agus déanaim iarracht scríobh sa Chaighdeán ionas go dtuigfidh gach éinne mé. Aon seans gurb as an nDeisceart thú chomh maith?


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 08 Sep 2014 9:35 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Briain786 wrote:
Go raibh míle maith agat a Pherry.

perkin warbeck wrote:
Scríobhfainn féin -
"Is iad gnéithe tipiciúla na filíochta rithim, rím, uaim...


Bíonn fonn orm amhlaidh a dhéanamh, ach táim ag ceapadh gur rud Muimhneach atá ann (tá an t-ádh orm teacht ón Deisceart) agus déanaim iarracht scríobh sa Chaighdeán ionas go dtuigfidh gach éinne mé. Aon seans gurb as an nDeisceart thú chomh maith?


Sílim fhéinig go bhfuil an tslí eile níos feárr .i. an t-alt a shní isteach, óir go gcuireann sé béim ar sna tréithe fhéinig mar bíonn ort stopadh agus briseadh anála a tharrac sara leanair leis an gcuid eile de'n abairt. Ligeann sé sin duit na tréithe a thuisgint agus a phróiseáil níos mire. Sin domhsa, pé sgéal é.

Briain786 wrote:
déanaim iarracht scríobh sa Chaighdeán ionas go dtuigfidh gach éinne mé


Cuireann abairt mar sin brón ar mo chroí :LOL: , 'sé an nós nú an gnás 'thá agamsa ná má thá Gaoluinn aca ar an gcaighdeán/ leibhéal go bhfuighidíst/ bhféadfaidíst abairt 'thá casta a dóthain a thuisgint insa Chaighdeán Oifigiúil, bhuel, thá'n Ghaoluinn aca chun aghaidh a thabhairt ar an leagan chanúnach leis.

Bíonn sé rud beag saorga ' bheith a' sgríobh insa Chaighdeán ar uairibh chón maith, im' thuairimse.

Cian

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 4 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot] and 2471 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group