Briain786 wrote:
Go raibh míle maith agat a Pherry.
perkin warbeck wrote:
Scríobhfainn féin -
"Is iad gnéithe tipiciúla na filíochta ná rithim, rím, uaim...
Bíonn fonn orm amhlaidh a dhéanamh, ach táim ag ceapadh gur rud Muimhneach atá ann (tá an t-ádh orm teacht ón Deisceart) agus déanaim iarracht scríobh sa Chaighdeán ionas go dtuigfidh gach éinne mé. Aon seans gurb as an nDeisceart thú chomh maith?
Sílim fhéinig go bhfuil an tslí eile níos feárr .i. an t-alt a shní isteach, óir go gcuireann sé béim ar sna tréithe fhéinig mar bíonn ort stopadh agus briseadh anála a tharrac sara leanair leis an gcuid eile de'n abairt. Ligeann sé sin duit na tréithe a thuisgint agus a phróiseáil níos mire. Sin domhsa, pé sgéal é.
Briain786 wrote:
déanaim iarracht scríobh sa Chaighdeán ionas go dtuigfidh gach éinne mé
Cuireann abairt mar sin brón ar mo chroí

, 'sé an nós nú an gnás 'thá agamsa ná má thá Gaoluinn aca ar an gcaighdeán/ leibhéal go bhfuighidíst/ bhféadfaidíst abairt 'thá casta a dóthain a thuisgint insa Chaighdeán Oifigiúil, bhuel, thá'n Ghaoluinn aca chun aghaidh a thabhairt ar an leagan chanúnach leis.
Bíonn sé rud beag saorga ' bheith a' sgríobh insa Chaighdeán ar uairibh chón maith, im' thuairimse.
Cian
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)