|
Níl a fhios agam beo céard atá déanta le IGTF acu!! Nuair a dhéanaim iarracht an rud a oscailt tagann ceann de na fógraí aníos sin - ar nós 'You are the Millionth Winner' agus cac eile den sórt sin; sin nuair is féidir liom an rud a fháil ar chor ar bith! Ceann eile ná 'Internet Explorer' ag iarraidh orm cead a thabhairt feidhmchlár eicint a rith ar mo ríomhaire sara féidir liom 'logáil isteach' - ní gá a rá go dtugaim an dá mhéar is faide don chead sin a thabhairt. Déanfaidh mé iarracht eile logáil isteach ar IGTF níos déanaí agus seans go mbeidh mé in ann labhairt le Gaelún féachaint an mbíonn mórán ag iarraidh aistriúchán nó, Dia idir sinn agus an anachain, tatúnna ar an suíomh sin.
NB: Tá mé tar éis an suíomh sin a thriail amach arís agus d'oibrigh sé clg.
_________________ Bí cinnte de go nglacfaidh triúr le gach aistriúchán a thabharfar. Be sure to get three in agreement with a translation given.
|