Lughaidh wrote:
ach tá duifear ann: níl an Béarla i gcontúirt, so má labhairtear droch-Bhéarla i dTajikistan, cha ndéan sé mórán dochair don Bhéarla.
ó muis, ní raibh mé ag iarraidh le rá gur ionann an dá chás! Is léir go bhfuil difear mór eatarthub. Ní raibh mé ach ag teaspáint (nó ag iarraidh leis) gur féidir a bheith níos measa ná mar atá sé. Níl aon tabhacht le Béarla an Táidsíceastán, ach da mbeadh an cás céanna ag an nGaeilge...
Lughaidh wrote:
Ach i gcás teangaidh i gcontúirt mar an Ghaeilg, le huimhir na gcainteoir dúchais a' gabháil síos an t-am ar fad, muna dteagasctar an teangaidh cheart in áit ar bith, lá amháin cha bhíonn fágtha ach cainteoirí "neamhdhúchasacha"
Le cúnamh Dé ní tharlóidh a leithéid! Beidh mise ag guí ina aghaidh, ar a laghad
Lughaidh wrote:
(bhail beidh taifeadtaí ann, ach anois féin níl cuid mhór foghlaimeoirí ag iarraidh an fuaimniú a fhoghlaim ó chainteoirí beo as a' Ghaeltacht, so caithfidh nach mbeidh siad ag iarraidh é a fhoghlaim ó thaifeadtaí, nuair a bheas na cainteoirí Gaeltachta uilig ar shlí na fírinne...)
Bheinn, mar dhuine, sásta é a fhoghlaim dóibh dá mbeadh siad le fáil nó le feiceáil. Is fuath liom na ceachtanna ar líne, ach dá mbeadh aon chainteoir beo amháin as an nGaeltacht á ndéanamh thógainn iad gan fuacht gan faitíos...