It is currently Fri 22 May 2026 8:53 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 11 posts ]  Go to page Previous  1, 2
Author Message
PostPosted: Fri 22 May 2026 7:33 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1731
Tá insa leabhar so aistí agus dialanna do scríbh Theobald Wolfe Tone insna blianta idir 1791 agus 1798, ’na thaobh féin agus i dtaobh na n‑imeachtaí agus na ngnóthaí, idir phoiblí agus príobháideach1, go raibh sé páirteach iontu. Tá ann mar aon leó-san nithe do scríbh a mhac chun na mbeárthnacha2 ’3 líonadh a thárla i dtuairisc an athar nú de dheascaibh cuid de sna4 dialanna a scríbh sé ’ bheith caillthe5. An leabhar a chuir a mhac, William6, in eagar, agus a foílsíodh i Washington sa bhliain 1826, ’sé7 is bun údaráis leis an aistriúchán so. Níor bhacas leis na paimpléidí ná na meamraim pholaitíochta atá sa leabhar san de bhrí a fhaid agus a thruime a bhí an saothar so dá n‑iúnais, agus de bhrí ná fuil aon léiriú nua iontu ar thuairimí ná ar mheón an té a scríbh iad seochas mar atá cheana le fáil nú le tuiscint insna dialanna. Thugas Beatha mar theideal coiteann ar an meascra le chéile.

Níor leanas den órd a bhí ar na habhair sa8 bhun-leabhar9 ná in aon ath-eagrán de dár foílsíodh ó 1826. Tá ath-órd curtha orthu d’fhonn iad a bheith i ndiaidh ’10 chéile i gcómh-fhreagairt do ghluaiseacht na haimsire. Táid siad11 roinnte ’na rannaibh i bhfuirm caibidlí, fé theidil agus fo-theidil. D’fhonn cabhair a thabhairt don léitheóir chun nithe áirithe d’aimsiú, táid12 na nithe deiridh sin ar fad bailithe i dtosach an leabhair i bhfuirm cláir, in inead an index nárbh fiú, dar liom, a chur le haistriúchán mar seo.
An tAistritheóir.

This is the text as I have re-edited it. The numbers refer to notes in my ODT file, but the notes haven't copied. If you want to know what I have in any of these notes, let me know.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 11 posts ]  Go to page Previous  1, 2

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot] and 5753 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group