An Cionnfhaolach wrote:
'Sé mo thuisgint ar an bhfocail airneán ná bothántaíocht nú sgoraidheacht do shaghas éigint ach cad is brí le solas airneáin?- flash light an eadh?
Tá dhá bhrí ag an bhfocal airneán:
1. "ag sgoraidheacht" fé mar a dúirís.
2. ag obair i rith na hoíche, go dtí an mhaidean i ndiaidh na hoíche.
Tagraíonn "solas airneáin" don tarna brí. Solas airneáin = Night light for working.
Quote:
An nós é séimhiú a chur ar fhocailibh i ndiaidh "cuid"?- mo chuid shaoghail
Ní hea, ach botún! "mo chuid saoghail" gan amhras, go raibh maith agat.
Quote:
An bhfuil míniú eile ar an bhfocal milleán (blame) i ngaolainn na Mumhan? léighimse milleán sa chomhthéacs so mar- mo thruagh ar an mbuachaill- my pity on the boy
Tá milleán ag X ar Y = X blames Y.
Quote:
na mbuachaillí mbána- do chonac é seo cheanda, sílim go bhfuil an t-úrú san ar bán i bhfad níos fusa ná graiméar an lae inniuimh- bímse idir dhá chomhairle uaireanta- nuair an mba chóra- na mbuachaillí bhána nú na mbuachaillí bána ab cheart ' bheith ann.
Deirim-se "na mbuachaillí bána", ach d'airíos gach saghas desna h-abairtí sin, "na mbuachaillí bhána", "na mbuachaillí bána" agus "na mbuachaillí mbána".
Tá sé cosmhail leis an tabharthach uatha. Ins an seana-ghramadach, dúradh: "ar an mbuachaill mbocht", ach, anois, airítear
"ar an mbuachaill mbocht", "ar an mbuachaill bhocht" agus "ar an mbuachaill bocht".
I dtaobh an tabharthaigh uatha, is é an nós níos coitianta ná "ar an mbuachaill bhocht", .i. séímhiú a chur
ar an aidiacht ins an tabharthach uatha. (i gcanúintí eile, lasmuigh den Mhumhain, cuirtear séimhiú ar an adiacht
díreach mar a cuirtear ins an ainmneach uatha é)
I dtaobh an ginideach iolra, ins an chaint fhórmhór na ndaoine, Cuirtear séimhiú ar an aidiacht de réir an
ainmnigh iolra.
Quote:
Athair:
Ainmneach uatha: Do bhí athair Katey Taylor láns(h)ásta anocht nuair a bhain sí an bonn óir amach.
Deirtear "lántsásta" i gCorcaigh: lán-tásta mar a deirtear é.
Quote:
Focal eile: muinntear/ muintear/ muintir
Muíntir i gCorcaigh.
T.A. uatha: Tá mo mhuíntir ina gcónaí ins an dúthaigh seo.
T.A. iolra: Muíntir Shé, Muíntir Liath, Muíntir Ríordáin, ..., Chím muíntireacha na dútha chúghainn.
T.G. uatha: Is mise an duine deireanach mo mhuíntire.
T.G. iolra: Aililiú! A chaptaein! Tá deire linn, tuigim neart na muínitreacha anois. Ba cheart dom gan an dúthaigh seo a chreachadh.
T.T. uatha: Bhí náire agus ceann fé ar a muíntir nuair a airíodar gur cailleadh í.
T.T. iolra: Is mise an rí, agus bronnaim an ceantar so ar na muíntireachaibh a chónaíonn ann, i gcónaí riamh.
Focal eile:
Abha/Abhainn