|
Dia daoibh! Is foghlaimeoir Gaeilge Iodálach mé, is Learning Irish le hÓ Siadhail a d'úsáid mé, agus tá mé ag iarraidh an fhuaimnithe Conamaraigh a úsáid, ach tá fúm ní hamháin téacsanna i gcanúint Chonamara a léamh, ach freisin sa chaighdeán oifigiúil agus sa Ghaeilge liteartha as an am roimh an athleasú, agus i gcanúintí eile. Le é seo a dhéanamh, is í an fhadhb is mó atá agam ná tuiscint cén chaoi a bhfuaimníonn Gaeilgeoirí as Conamara, nó Gaeilgeoirí as áit eile ar bith in Éirinn a úsáideann fuaimniú Conamarach, focail scríofa le deilbheolaíocht nó deirí nach bhfuil sa nádúr ag a gcanúint siadsan. Mar shampla, is mar [-ə] a léitear an deireadh ainimnigh iolra -(a)igh de ghnáth i nGaeilge Chonamara ach... cén chaoi a léann cainteoirí Gaeilge Conamaraí an deireadh iolra -(a)igh i bhfocal mar Éireannaigh as an gcaighdeán, nó an ceann gairmigh i bhfocal as an gcaighdeán mar stócaigh, nach bhfuil an t-[-ə:] rialta acu i gcanúint Chonamara, ach [-i:]? ['e:ɾʲən̪ˠə] agus ['sˠtˠo:kˠə] "mar atá siad scríofa" nó ['e:ɾʲən̪ˠi:] agus ['sˠtˠo:kˠi:] mar a fhuaimnítear sa chanúint iad? Sampla eile: cén chaoi a léann siad an deireadh ginidigh consan caol + -e (2a díochlaonadh, e.g. na súile) nuair is consan caol + -a ([n̪ˠə 'sˠu:l̪ˠə], 3ú díochlaonadh!) atá i nGaeilge Chonamara? ['sˠu:lʲə] nó ['sˠu:l̪ˠə]? Nó, sna haidiachtaí briathartha a chríochnaíonn ar -mtha nó -rtha, an ndeir siad [-mˠtə] agus [-rˠtə] nó [-mˠ(h)ə] agus [-rˠ(h)ə]? Go raibh míle maith agaibh!
|