It is currently Sun 27 Sep 2026 11:46 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 
Author Message
PostPosted: Sun 15 Dec 2013 11:34 am 
Offline

Joined: Sat 22 Sep 2012 5:40 pm
Posts: 157
Tá cnuasach gearrscéalta ann a mholfainn do dhuine ar bith ar mhaith leis litríocht chomhaimseartha na Gaeltachta a bhlaiseadh. Is iad scéalta de chuid an Chiorcal Scríbhneoireachta i nGaoth Dobhair - “Go dtí an Lá Bán” a tugtar ar an chnuasach - ó cheathrar scríbhneoirí as an taobh sin tíre: Máire Dinny Wren, Máirín Uí Fhearraigh, Brighid Ní Mhonacháin agus Síle Uí Ghallchóir. Bhain mé sult mór as na scéalta seo, iad uilig inste i gcanúint an Iarthuaiscirt.

Oh, agus tá dhá dlúthdhioscaí ann leis an leabhar chomh maith ina ndéantar beo an focal scríobhtha, na scéalta á léamh ag léitheoirí ó Ghaeltacht Dhún na nGall.

Níos mó eolais anseo: http://www.eabhloid.com/blog/?page_id=239
Agus ar fáil sa tsiopa seo: http://www.siopagaeilge.ie/products/Pr%F3s/product7-32.htm

Slán,

Domhnall

_________________
Ultach mé agus Gaeilg Uladh a labhraim go measardha maith!


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 15 Dec 2013 1:12 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
An bhfuil an teangaidh caighdeánaithe?...
ar léigh tusa féin í?

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 15 Dec 2013 5:08 pm 
Offline

Joined: Sat 22 Sep 2012 5:40 pm
Posts: 157
Lughaidh wrote:
ar léigh tusa féin í?

Léigh, agus thaitin sé go mór liom.

Lughaidh wrote:
An bhfuil an teangaidh caighdeánaithe?...

Bhuel braitheann sé ar caidé tá i gceist agat leis an téarma “caighdeánaithe”, a Lughaidh. Ní scríobhann siad cosúil leat féin – ní ghníonn siad úsáid as an seanlitriú mar shampla. Mar sin féin, scríbhneoirí dúchasacha iad uilig (bhuel, is as Béal Feirste ó dhúchas ceann amháin acu ach í ina cónaí i nGaoth Dobhair le níos mó ná 40 bliain anuas) agus cinnte go bhfuil neart litriú malartach ann nuair atá leagan chanúint Uladh fóirsteanach. D'fhoilsigh siad a gcuid saothar as a stuaim féin go díreach mar a scríobhadh é so ní cuireadh próiseas caighdeánaithe nó coinníollacha eile orthu. Mar a dúirt mé, litríocht chomhaimseartha na Gaeltachta.

Seo sampla amháin ó thús scéal le Máirín Uí Fhearraigh, ar tógadh ar oileán Ghabhla í:

Quote:
Bhí Seán Mór ag baint phrátaí sa chuibhreann bheag ghainmheach ag barr na binne nuair a chuaigh bád Mhicí Shéarlais soir an barra ag tarraingt ar bhéal Oileán Bó. Nuair a chonaic sé an bád ag gabháil thart leis an ghob, dhírigh sé a dhroim agus thóg sé a bhearád leis an allas a ghlanadh óna éadan.

Bhi an bád go domhain san uisce. Bhí lasta trom uirthi: tábla, cathaoireacha, leapacha agus cúpla bocsa mór donn i mullach a chéile thiar chun deiridh. Ní bheadh fágtha tigh Mhicí anois ach na ceithre ballaí.

Ba mhaith an rud daofasan go raibh an lá maith. Bhí leoithne bheag ghaoithe ag séideadh trasna an bharra, é ag iompar fuaim tholl inneall an bháid agus an cúpla tafann a rinne Tildy, madadh an teaghlaigh, le rón beag ramhar a chuir aníos a cheann os cionn an uisce agus an bád ag gabháil thart le Gob na Dumhcha.

_________________
Ultach mé agus Gaeilg Uladh a labhraim go measardha maith!


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 15 Dec 2013 7:02 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Ok tá sin "inghlactha" domh :D

Quote:
Ní scríobhann siad cosúil leat féin – ní ghníonn siad úsáid as an seanlitriú mar shampla.


ná mise féin ach an oiread, an chuid is mó don am :) Ach amháin le focla áiríd mar "teangaidh" srl, nuair a bíos foirm ar leith sa chanúint a théid leis an tseanlitriú

Quote:
D'fhoilsigh siad a gcuid saothar as a stuaim féin go díreach mar a scríobhadh é so ní cuireadh próiseas caighdeánaithe nó coinníollacha eile orthu.


iontach maith... tá nósannaí na bhfoilsitheoirí ag athrú... bhí mé 'dúil leis seo le fada!

's dóigh liom go gceannóchaidh mé 'n leabhar sin :)

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 15 Dec 2013 11:30 pm 
Offline

Joined: Sat 17 Sep 2011 11:52 pm
Posts: 460
AnBraonach wrote:
Bhí Seán Mór ag baint phrátaí sa chuibhreann bheag ghainmheach ag barr na binne nuair a chuaigh bád Mhicí Shéarlais soir an barra ag tarraingt ar bhéal Oileán Bó. Nuair a chonaic sé an bád ag gabháil thart leis an ghob, dhírigh sé a dhroim agus thóg sé a bhearád leis an allas a ghlanadh óna éadan.

Bhi an bád go domhain san uisce. Bhí lasta trom uirthi: tábla, cathaoireacha, leapacha agus cúpla bocsa mór donn i mullach a chéile thiar chun deiridh. Ní bheadh fágtha tigh Mhicí anois ach na ceithre ballaí.

Ba mhaith an rud daofasan go raibh an lá maith. Bhí leoithne bheag ghaoithe ag séideadh trasna an bharra, é ag iompar fuaim tholl inneall an bháid agus an cúpla tafann a rinne Tildy, madadh an teaghlaigh, le rón beag ramhar a chuir aníos a cheann os cionn an uisce agus an bád ag gabháil thart le Gob na Dumhcha.


I'd say that would be a great read altogether and a delight to listen to! :good:
Canúint doesn't matter at all - the language is the same.

_________________
Bí cinnte de go nglacfaidh triúr le gach aistriúchán a thabharfar.
Be sure to get three in agreement with a translation given.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 16 Dec 2013 2:23 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Canúint doesn't matter at all - the language is the same.


but reading texts in a mixture of all dialects, or in a dialect that has been butchered/standardized by the editor, pisses me off :) I like reading books in Irish if it's in any real dialect :)

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot] and 1965 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group