beagle wrote:
A Dhaid arsa an cailín óg
Cén fáth nach bhfuil duilleog
Le feiceáil ar an gcrann níos mó
Abair liom cén fáth
Is ceist eile fós a Dhaid
Cén fáth go bhfuil an nead
I mbun an gharraí folamh, fuar
Abair liom cén fáth
Curfá
Imíonn an t-am a stór
Casann an domhan mór
Geimhreadh, Earrach, Samhradh is Fómhar
Imíonn an t-am
Sula ndeachaigh an crann a luí
Bhain sé dó na duilleoga
Thit sé ina chodladh ansin,
Dúiseoidh sé ar ball
Is beidh na héin ag tógáil tí
I mbun an gharraí arís
Nuair a bheas an lá níos teo
Beidh siad ann
Just fixing some typos.
