An Cionnfhaolach wrote:
mnaoi- tuigim an focal seo úsáidtear é sa dtuiseal tabharthach chomh maith, leis an mnaoi, seachas leis an mbean
Is ionann é an tabharthach uatha agus an ainmneach dé.
Quote:
Chun cruth deirannach a chur air mar san,
Nuair is focal firinscneach ann úsáidtear an uimhir uatha don bhfocal nauir athá amháin agus dhá i gceist agus ansan úsáidtear an iolra nuair athá trí i gceist.
Sin é go díreach!
Quote:
Ach ansan derir go dtagann an tuiseal ginideach i bhfeidhm chomh maith nuair athá beirt, triúr... srl i gceist nuair is focal baininscneach é. ' dtarlaigheannan rud céanda nuair is focal firinscneach ann?: Mar shampla
Fear amháin
beirt fhir???(being ginideach uatha)
triúr fear???- fear being ginideach iolra
"beirt fhear", mar is ionann é an ginideach iolra agus an ginideach dé.
Sa uimhir dé, baintear úsáid as an bhfoirm uatha sa tuiseal ainmneach agus
as an bhfoirm iolra sa tuiseal ginideach. Sin iad na rialta bunaidh. Níl ann ach
aon riail amháin eile.
Tá foirm airithe ag ainmfhocail bhainiscneacha sa ainmneacha dé agus
is mar a chéile é agus agus an tuiseal tabharthach uatha, fé mar a duart thuas.
Quote:
Focal baininscneach-
fuinneog amháin
dhá fhuinneoig (caolú- cosamhail leis an tuiseal tabharthach?)
trí fhuineoga nú trí fhuinneog
Tá an ceart beagnach go hiomlán agat anso. (trí fuinneoga)
Quote:
do chonac ansan go bhfuil: bád amháin
dhá bháid
ach, trí báid (gan séimhíú- Dé chúis?)
Déarfainn "dhá bhád" (dé = uatha don ainmfhocail fhirinscneacha). Is féidir
foirm uatha nó foirm iolra a úsáid tar éis na n-uimhreacha 3-10, ach nuair
úsáidir an uatha, cuirir séimhiú ar an ainmfhocal.
Quote:
agus go mbionn trí each sa gcaighdeán ach ansan trí heich ? (mar adubhairt Lughaidh)
Ó! Do dheineas dearmhad! Trí heich, cinnte!
Tá súil agam go bhfuil sé tairbheach!