Haigh,
An féidir le haon duine "sna fataí lofa" a aistriú go Béarla? Seo an comhthéacs:
"Dúirt Cathaoirleach Choiste Bhóthar Dhoire Fhearta, Pádraig Mac Donncha, go bhfuil Gaeltacht Chonamara caite sna fataí lofa ag na húdaráis agus neamhaird déanta ar a n-achainí go gcóireofaí an bóthar idir an Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán."
https://www.rte.ie/news/nuacht/2018/012 ... -gconamaraGan amhras, leis an gcomhthéacs, tá tuairim láidir agam, ach ní leor sin dom. Is údar díomá agus dóláis dom nach féidir liom teacht ar an bhfrása seo in aon fhoclóir dá bhfuil ann (go bhfios dom).

Briain.