Embarien wrote:
Ceist eile agam oraibh: an féidir an t-alt a úsáid le "Aos Sí" nó "Aos Dána" nó a leithéid sin d'fhocail, meas sibh?
.i. an tAos Sí, an tAos Dána
Is cuma liom faoi shamplaí le haidiachtaí, amhail "An tAos Óg" srl.
Tuigim freisin gur nós "daoine sí" a rá, ach b'fhearr liom an focal "aos" a bheith agam...
An fearr "Aos na Sí" agus "Aos na nDán(t)a"? (tá cuma ait orthu sin, ámh)
Gheobhthá an tAos Sí a rá go deimhin.
Thá ana chuid focal ann do mhuintir Sí:
na daoine maithe
na Síoga
an tAos Sí
bunadh an chnoic srl...
Bheadh sé rud beag ait Aos na Sí a rá alright, ach nín aon rud cam mar gheall air ach an oiread.
Cian
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)